
Réamhrá
Bunaíodh an Coimisiún Imscrúdúcháin chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáil scoileanna agus iad siúd freagrach as scoileanna in Éirinn, ábhair imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí.
Scrúdóidh an Coimisiún freisin an chaoi ar láimhseáil An Garda Síochána, Feidhmeannaht na Seirbhíse Sláinte, agus an Roinn Oideachais, tuairiscí faoi dhrochúsáid. Ina chuid oibre, díreofar ar áit nár tugadh dóthain cosanta do leanaí a aithint, féachaint ar an gcúis ar tharla na teipeanna sin agus cé a bhí freagrach.
Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tionchar a bhí ag drochúsáid ghnéasach leanaí i scoileanna. Tuairisceoidh sé chuig an Aire Oideachais agus Óige faoi eispéiris na marthanóirí, an tionchar a bhí aige ar a saol, agus faoi cad is féidir a fhoghlaim chun cosaint leanaí a neartú amach anseo.
Téarmaí Tagartha
I an Choimisiúin, tugtar breac-chuntas ar a bhfuil sé bunaithe lena dhéanamh, cad a scrúdóidh sé agus, ar an mórgóir, an chaoi a dtabharfaidh sé faoina chuid oibre.
Ní féidir leis an gCoimisiún ach imscrúdú a dhéanamh ar ábhair atá clúdaithe sna Téarmaí Tagartha atá leagtha amach ag an Rialtas.
Faoina Théarmaí Tagartha, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Láimhseáil ábhar imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí a tharla idir 1927 agus 2013 sna scoileanna lae agus cónaithe uile, scoileanna speisialta san áireamh, a mheas.
- Teipeanna na scoileanna le freagairt ar ábhair imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí ar bhealach inar tugadh dóthain cosanta do leanaí, a aithint agus a imscrúdú, agus scrúdú a dhéanamh ar chúiseanna na dteipeanna sin.
- Scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáil An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (agus na comhlachtaí a bhí ann roimhe seo nó na comhlachtaí a thagann ina ndiaidh), agus an Roinn Oideachais, ábhair imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí a tuairiscíodh dóibh.
- Tuairisciú a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag drochúsáid ghnéasach ar mharthanóirí agus aon cheachtanna a d’fhéadfadh cuidiú le cosaint leanaí a neartú tuilleadh amach anseo a aithint.
Níl sé de chúram ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar chásanna ar leith de dhrochúsáid ghnéasach leanaí ná cinntí a dhéanamh faoi dhaoine ar leith a rinne na coireanna. An ról atá aige ná scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáladh ábhair imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí.
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais anseo má tá tú buartha faoi shábháilteacht linbh anois.
Má tá tú Buartha faoi Shábháilteacht Linbh Anois
An Garda Síochána
Is féidir leat drochúsáid ghnéasach leanaí a thuairisciú do na Gardaí ar an bhfón am ar bith, lá nó oíche.
Saorghlao: 1800 555 222
Tusla
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Tusla freisin má tá ábhar imní ort faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí.
Faigh na sonraí teagmhála le haghaidh do rannóg oibre sóisialta áitiúil ar shuíomh gréasáin Tusla.
Obair an Choimisiúin
Reáchtálfaidh an Coimisiún Imscrúdúcháin suirbhé san Fhómhar in 2026, ina dtabharfar cuireadh do mharthanóirí de dhrochúsáid ghnéasach leanaí i scoileanna, chomh maith le daoine eile a bhful eolas ábhartha acu, chun roinnt sonraí tosaigh a chur ar fáil. Leis an eolas a bhailítear cuideofar le cinneadh a dhéanamh faoi na chéad chéimeanna eile d’obair imscrúdaitheach an Choimsiúin.
Bunóidh an Coimisiún Clár Rannpháirtíochta Marthanóirí freisin. Cuirfidh sé seo spás deonach agus sábháilte ina bhfuil tacaíocht ar fáil do mharthanóirí chun cuntas a n-eispéiris agus an tionchar a bhí aige a roinnt, trí phróiseas atá neamhfhoirmiúil, faoi rún agus anaithnid.
Cur Chuige Dírithe ar Mharthanóirí
Tá an Coimisiún tiomanta lena chinntiú go bhfuil a chuid oibre ag díriú ar mharthanóirí, mar atá leagtha amach ina Phrionsabail ag Díriú ar Mharthanóirí.
Foireann an Choimisiúin
Ceapadh an Breitheamh Michael MacGrath, Uasal, mar chathaoirleach ar an gCoimisiún. Faigheann sé tacaíocht ó cheithre choimisinéir: An Breitheamh Mary Ellen Ring, Uasal, Roddy Bourke, Uasal, Michele Clarke, Uasal agus Kieran McGrath, Uasal.
Tuilleadh eolais maidir le foireann an Choimisiúin
Bunú an Choimisiúin Imscrúdúcháin
Bhunaigh an tAire Oideachais agus Óige an Coimisiún Imscrúdúcháin maidir le Láimhseáil Drochúsáide Gnéasaí Leanaí Stairiúla i Scoileanna tar éis Fiosrúcháin Scóipe faoi nochtadh drochúsáide gnéasaí stairiúla i scoileanna.
