Maidir Leis an gCoimisiún
Cad is Coimisiún Imscrúdúcháin ann?
Is comhlacht neamhspleách é Coimisiún Imscrúdúcháin arna bhunú ag Rialtas na hÉireann chun mionscrúdú a dhéanamh ar shaincheist atá mar ábhar imní suntasach don phobal. Tá sé bunaithe faoin Acht um Choimisiúin Imscrúdúcháin 2004.
Ag deireadh a chuid oibre, seolann an Coimisiún tuarascáil chuig an Aire Rialtais ábhartha. Sa tuarascáil seo, leagtar amach go hiondúil an méid seo a leanas:
- Na fíricí atá deimhnithe aige
- A chinntí
- Aon mholtaí le haghaidh gníomhaíochta nó leasaithe amach anseo
Cad é aidhm an Choimisiúin?
Bunaíodh an Coimisiún Imscrúdúcháin chun scrúdú a dhéanamh ar láimhseáil na n-ábhar imní faoi dhrochúsáid ghnéasach stairiúil leanaí i scoileanna in Éirinn. Scrúdóidh sé an drochúsáid a tharla idir 1927 agus 2013.
Is é atá i gceist lena chuid oibre ná scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar fhreagair scoileanna, agus iad siúd freagrach as scoileanna, d’ábhair imní nó líomhaintí faoi dhrochúsáid ghnéasach. Scrúdóidh sé freisin an chaoi ar láimhseáil na comhlachtaí Stáit ábhartha tuairiscí faoi dhrochúsáid ghnéasach. Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar an gcaoi ar teipeadh leanaí a chosaint agus fiosróidh sé na cúiseanna leis na teipeanna sin.
I dTéarmaí Tagartha an Choimisiúin, leagtar amach cad é a ndéanfaidh sé imscrúdú air agus an chaoi a dtabharfaidh sé faoina chuid oibre.
Cén fáth ar bunaíodh an Coimisiún?
Príomh-mholadh Fiosrúcháin Scóipe faoi Dhrochúsáid Ghnéasach Stairiúil i Scoileanna Lae agus Cónaithe Arna Reáchtáil ag Oird Rialta ba ea Coimisiún Imscrúdúcháin.
Bhunaighh an tAire Oideachais agus Óige an Fiosrúchán Scóipe mar fhreagairt ar nochtadh líomhaintí de dhrochúsáid ghnéasach stairiúil i scoileanna arna reáchtáil ag oird rialta, tar éis chraoladh Chlár Faisnéise ar a hAon (Documentary on One) de chuid RTÉ, Blackrock Boys.
An ndéileálfaidh an Coimisiún na drochúsáid fhisiciúil?
Níl, níl aon ról ag an gCoimisiún le sásamh nó cúiteamh a chur ar fáil. Tá an tsaincheist maidir le sásamh á scrúdú ag an Rialtas, ach is obair iomlán ar leith í ar obair an Choimisiúin. Más mian leat imscrúdú a dhéanamh faoin dlí reatha cé acu an mbeifeá i dteideal cúiteamh a fháil trí na cúirteanna, ba chóir duit dul i gcomhairle le dlíodóir. Tá trí phríomhchuid i gceist le hobair an Choimisiúin. Is féidir leat níos mó a léamh faoi gach cuid, agus faoin gcaoi le dul i dteagmháil leis an gCoimisiún, ar an leathanach seo.
Cad ar a scrúdóidh an Coimisiún?
Scrúdóidh an Coimisiún an chaoi ar láimhseáil scoileanna agus iad siúd freagrach as scoileanna ábhair imní nó líomhaintí faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí. Baineann sé le drochúsáid a tharla idir 1927 agus 2013. D’fhéadfadh sé gur ardaíodh gearáin nó líomhaintí tar éis na tréimhse ama sin, nó d’fhéadfadh sé nár tuairiscíodh iad riamh.
Scrúdóidh sé:
- An chaoi ar fhreagair scoileanna d’ábhair imní nó do líomhaintí de dhrochúsáid ghnéasach leanaí.
- Cé acu ar theip ar scoileanna gníomhú ar bhealaí inar chosain siad leanaí.
- An chaoi ar fhreagair An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), gníomhaireachtaí ábhartha agus an Roinn Oideachais d’ábhair imní a tuairiscíodh dóibh.
Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh na Téarmaí Tagartha .
An ndéanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar cé acu ar tharla drochúsáid ghnéasach i gcásanna ar leith?
Is é ról an Choimisiúin scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáil scoileanna agus na comhlachtaí Stáit ábhartha tuairiscí faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí i scoileanna.
Ní dhéanfaidh sé cinntí faoi cé acu ar tharla drochúsáid ná faoi dhaoine ar leith a rinne na coireanna.
An bhfuil láimhseáil drochúsáide gnéasaí a rinne piara (scoláire eile) nó piaraí laistigh de scóip an Choimisiúin?
Tá. Tá drochúsáid a rinne piara nó piaraí san áireamh, má tharla sí i scoil nó má bhain sí le scoil idir 1927 agus 2013.
An ndéileálfaidh an Coimisiún le sásamh (cúiteamh)?
Ní dhéileálfaid. Níl aon ról ag an gCoimisiún le sásamh ná cúiteamh a chur ar fáil. Leis an Rialtas a bhaineann sé sin agus cé go bhfuil an obair a bhaineann le sásamh a chur san áireamh, is obair ar leithligh í ó obair an Choimisiúin.
An gcuirfidh an Coimisiún cinntí ó fhiosrúcháin agus Coimisiúin eile san áireamh?
Cuirfidh. I dTéarmaí Tagartha an Choimisiúin ceadaítear cinntí ó fhiosrúcháin agus Coimisiúin eile a chur san áireamh. Is foinse thábhachtach iad na tuarascálacha seo don Choimisiún. Cuirtear eolas ar fáil iontu atá in ann tacú lena chuid oibre, lena n-áirítear Tuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe maidir le Drochúsáid Ghnéasach Stairiúil i Scoileanna Lae agus Cónaithe Arna Reáchtáil ag Oird Rialta.
Cé chomh fada agus a ghlacfaidh sé?
Iarradh ar an gCoimisiún tuarascáil faoina chinntí a chur isteach chuig an Aire Oideachais agus Óige laistigh de chúig bliana ó thosaigh sé a chuid oibre.
Léiríonn an tréimhse ama seo scála agus castacht an imscrúdúcháin. Tá sé mar aidhm an Choimisiúin dul chun cinn a dhéanamh ar a chuid oibre chomh héifeachtach agus is féidir.
An ndéanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar láimhseáil na dtuairiscí nó na n-ábhar imní uile faoi dhrochúsáid ghnéasach?
Ní dhéanfaidh. Faoina Théarmaí Tagartha, is gá don Choimisiún cur chuige samplála a úsáid don imscrúdúchán. Ciallaíonn sé seo go roghnóidh an Coimisiún cásanna samplacha chun mionscrúdú a dhéanamh bunaithe ar thosca éagsúla, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- Eolas atá faighte tríd an suirbhé
- Dóthain fianaise ó fhinnéithe a bheith ar fáil
- Taifid dhoiciméadacha ábhartha a bheith ar fáil
Páirt a Ghlacadh
Conas is féidir liom páirt a ghlacadh in obair an Choimisiúin?
An suirbhé a chomhlánú is ea an chéad chéim do gach duine atá ag iarraidh dul i dteagmháil leis an gCoimisiún.
D’fhéadfadh na marthanóirí uile a chomhlánaíonn an suirbhé roghnú freisin le páirt a ghlacadh sa Chlár Rannpháirtíochta Marthanóirí níos déanaí. Cuireann sé seo deis ar fáil le eispéiris phearsanta a roinnt i suíomh ina bhfuil tacaíocht ar fáil.
An mbeidh baint ag gach duine a ghlacann páirt in imscrúdúchán?
Ní bheidh. Bainfidh an Coimisiún úsáid as an eolas a bhailítear tríd an suirbhé chun cinneadh a dhéanamh faoin áit ar féidir imscrúdúchán níos mine a reáchtáil.
Leis an mbaol atrámaithe a mhaolú, ní thabharfaidh a Coimisiún cuireadh ach amháin do mharthanóirí le páirt a ghlacadh san imscrúdúchán áit a meastar go bhfuil sé go hiomlán riachtanach. Má thugtar cuireadh duit, is é do rogha féin amháin cé acu páirt nó gan páirt a ghlacadh ann.
Má ghlacaim páirt sa Chlár Rannpháirtíochta Marthanóirí, an féidir liom páirt a ghlacadh san imscrúdúchán?
Níl ceangal idir páirt a ghlacadh sa Chlár Rannpháirtíochta Marthanóirí agus rannpháirtíocht in imscrúdúchán.
Is céim ar leith d’obair an Choimisiúin iad na himscrúdúcháin. D’fhéadfadh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do roinnt daoine áit a bhfuil gá le tuilleadh mionscrúdaithe a dhéanamh. Is ar chuireadh amháin atá an rannpháirtíocht agus is féidir leat rogha a dhéanamh i gcónaí páirt nó gan páirt a ghlacadh ann.
An féidir le m’eispéireas de dhrochúsáid ghnéasach a bheith san áireamh?
Má d’fhulaing tú drochúsáid ghnéasach a bhain le scoil idir 1927 agus 2013, tá sé seo laistigh de chúram an Choimisiúin.
An bhfuil mo scoil san áireamh?
Tá scrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar na scoileanna uile lae agus cónaithe, scoileanna speisialta san áireamh, a bhí ag feidhmiú idir 1927 agus 2013.
Cuimsíonn sé seo raon leathan scoileanna, ní hamháin iad siúd arna reáchtáil ag oird rialta.
Is é is brí le scoileanna bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar nós bunscoileanna nó scoileanna náisiúnta, meánscoileanna, scoileanna pobail agus scoileanna cuimsitheacha.
An bhfuil scoileanna saothair agus ceartúcháin san áireamh in obair an Choimisiúin?
Níl. Níl scoileanna saothair agus ceartúcháin san áireamh. Déanann an Coimisiún imscrúdú ar scoileanna mar atá sainmhínithe in Alt 2(1) den Acht Oideachais 1998. Sa sainmhíniú seo, níl scoileanna saothair ná scoileanna ceartúcháin san áireamh, a bunaíodh faoi reachtaíocht dhifriúil. Scrúdaigh an Coimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú drochúsáid i scoileanna saothair agus ceartúcháin, agus foilsíodh a thuarascáil in 2009.
Cad a tharlóidh murar thuairiscigh mé an drochúsáid riamh, nó murar thuairiscigh mé í ach amháin níos déanaí?
Is féidir leat páirt a ghlacadh go fóill. Ní mór gur tharla an drochúsáid idir 1927 agus 2013, ach d’fhéadfadh sé gur tuairiscíodh í am ar bith, nó nár tuairiscíodh í ar chor ar bith.
Cén difear a dhéanfaidh mo rannpháirtíocht?
Trí pháirt a ghlacadh, is féidir leat d’eispéiris a roinnt agus cur le tuiscint na sochaí faoin gcaoi ar láimhseáladh drochúsáid ghnéasach scoilbhunaithe in Éirinn. Cuideoidh do rannpháirtíocht leis an gCoimisiún tuairisciú a dhéanamh ar thionchar na drochúsáide gnéasaí leanaí i scoileanna chomh maith le cad is féidir a fhoghlaim don todhchaí. Aithnímid go bhféadfadh sé a bheith deacair páirt a ghlacadh, agus níl aon dualgas a bheith rannpháirteach.
Cad a tharlóidh má tharla an drochúsáid lasmuigh de thailte na scoile?
Tá an Coimisiún ag díriú ar dhrochúsáid ghnéasach a bhaineann le scoileanna.
Má bhain d’eispéireas le suíomh scoile ar dhóigh ar bith, baineann sé le hábhar go fóill. Mar shampla, b’fhéidir gur tharla sé ar thuras scoile, nó b’fhéidir gur tharla sé lasmuigh de thailte na scoile ach gurb é duine a raibh caidreamh agat leis/léi tríd an scoil, a rinne é.
Rinneadh drochúsáid orm i bhfad ó shin – an mbaineann sé seo le hábhar go fóill?
Baineann. Tá scrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar dhrochúsáid stairiúil ó 1927 go 2013. Cibé áit a bhfuil tú inniu, tá tábhacht le d’eispéireas. Ní chuireann an t-am atá caite isteach ar thábhacht d’eispéiris.
Cad a tharlóidh más rud é gur inis mé mo scéal d’fhiosrúchán nó próiseas eile?
Is féidir leat fós páirt a ghlacadh. Is próiseas nua reachtúil é seo. Ach, má tá tú i mbun imeachtaí sibialta nó coiriúla, nó má tá tú ag smaoineamh ar dul ina mbun, molaimid duit comhairle dlí neamhspleách a fháil sula dtéann tú i dteagmháil leis an gCoimisiún. Nílimid in ann comhairle dlí a chur ar fáil maidir le cásanna ar leith.
Cad a tharlóidh má ciontaíodh an duine a rinne drochúsáid orm cheana féin?
Is féidir leat fós páirt a ghlacadh. Tá scrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an gcaoi ar láimhseáladh cásanna, níl sé ag déanamh scrúdaithe ar an drochúsáid a tharla.
Cad a tharlóidh don duine a rinne drochúsáid orm?
Ní dhéanann an Coimisiún cinntí faoi chiontacht choiriúil ná faoi fhreagracht shibhialta, agus ní leagann sé pionóis ar dhaoine ar leith a rinne na coireanna.
An ról atá aige ná chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáladh líomhaintí agus chun teipeanna córasacha a aimsiú, agus ní chun imscrúdú a dhéanamh ar dhaoine ar leith a rinne na coireanna.
An Suirbhé
Cad é cuspóir an tsuirbhé?
Leis an suirbhé cuideofar leis an gCoimisiún líon na marthanóirí a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint chun tuiscint a fháil ar scála agus nádúr na n-ábhar imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí i scoileanna.
Cuirfidh sé leis an gcéad chéim eile den phróiseas trína chur in iúl áit ar dócha go bhfuil dóthain fianaise ar fáil le haghaidh mion-imscrúdúcháin.
Leis na freagraí ó na suirbhéanna, cuideoidh sé seo freisin leis an gCoimisiún tuiscint a fháil ar cé mhéad duine atá ag iarraidh gníomhú níos mó tríd an gClár Rannpháirtíochta Marthanóirí, agus a riachtanais nó roghanna ar leith maidir leis an gcaoi a dtarlóidh an rannpháirtíocht sin.
An mbeidh sé deacair an suirbhé a chomhlánú?
Aighnímid go bhféadfadh sé a bheith deacair do roinnt daoine an suirbhé a chomhlánú. Dearadh é chun an baol atrámaithe a mhaolú tríd an méid seo a leanas:
- Ceisteanna ginearálta a chur seachas mionchur síos nó dátaí beachta a lorg.
- Ligean duit sos a ghlacadh, an dul chun cinn atá déanta agat a shábháil, agus flleadh air níos déanaí.
- Ligean duit léim thar cheisteanna nach bhfuil riachtanach
- Ceist a chur ort faoi do roghanna maidir le teagmháil nó tuilleadh rannpháirtíochta ina dhiaidh sin.
- Sa chuid faoi Sheirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta tá tuillead eolais ar fáil
Mar mharthanóir de dhrochúsáid, cén difear a dhéanfaidh mo rannpháirtíocht sa suirbhé?
Cuideoidh an fhaisnéis a bhailítear tríd an suirbhé an Coimisiún le cinneadh a dhéanamh faoi fhócas a Imscrúdúcháin. Cuideoidh sé leis an gCoimisiún tuiscint a fháil ar scála agus nádúr na drochúsáide gnéasaí i scoileanna agus pleanáil a dhéanamh le haghaidh ár dteagmhála breise leo siúd ar mian leo páirt a ghlacadh sa chéad chéim eile dár gcuid oibre.
Mar mharthanóir de dhrochúsáid, cén difear a dhéanfaidh mo rannpháirtíocht?
Trí pháirt a ghlacadh, is féidir leat cuntas a thabhairt ar d’eispéireas, cur le tuiscint na sochaí faoi cad a tharla, agus cabhrú leis an gCoimisiún tuairisciú a dhéanamh ar thionchar na drochúsáide gnéasaí leanaí i scoileanna.
Cuideoidh do rannpháirtíocht leis an gCoimisiún chun tuiscint a fháil ar eispéiris marthanóirí agus an tionchar a bhí aige ar cad a tharla i do shaol. Cinnteoidh sé seo go léirítear guthanna marthanóirí i dtuarascáil deiridh an Choimisiúin.
Aithnímid go bhféadfadh sé a bheith deacair páirt a ghlacadh, agus níl aon dualgas a bheith rannpháirteach.
Cathain a reáchtálfar an suirbhé?
Lainseálfar an suirbhé san Fhómhar in 2026. Fógrófar é ar an suíomh gréasáin agus trí na meáin. Fanfaidh an suirbhé oscailte ar feadh roinnt seachtaini.
Cé atá in ann an suirbhé a chomhlánú?
Tá an suirbhé ann do gach duine a d’fhulaing drochúsáid ghnéasach leanaí a bhain le scoil, chomh maith leo siúd a d’fhéadfadh a bheith mar fhinné de dhrochúsáid, a raibh eolas díreach acu, a d’ardaigh ábhair imní nó a thuairiscigh í. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé ábhartha do roinnt ball teaghlaigh i gcúinsí áirithe.
Sa suirbhé, tá eolas tosaigh á lorg faoin gcaoi ar láimhseáladh ábhair imní nó líomhaintí faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí i scoileanna in Éirinn. Níl baint aige ach amháin le drochúsáid a tharla idir 1927 agus 2013. D’fhéadfadh sé gur ardaíodh tuairiscí nó líomhaintí am ar bith, nó nár ardaíodh iad ar chor ar bith.
An féidir liom tacaíocht a fháil chun an suirbhé a chomhlánú?
Tá tacaíochtaí curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun cuidiú le daoine an suirbhé a chomhlánú iad féin más mian leo, lena n-áirítear tacaíocht mhothúchánach, agus cuidiú praiticiúil do dhaoine faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Sa chuid faoi Sheirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta tá tuillead eolais ar fáil.
An féidir le ball teaghlaigh an suirbhé a chomhlánú thar ceann duine eile?
Is féidir le ball teaghlaigh an suirbhé a chomhlánú i gcásanna ina bhfuair an duine a d’fhulaing drochúsáid, bás, nó nach féidir tacú leis/léi lena chomhlánú é/í féin.
An gcaithfidh mé páirt a ghlacadh?
Ní gá. Is é do rogha féin páirt a ghlacadh. Má tá cabhair ag teastáil uait leis an gcinneadh seo a dhéanamh is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis tSeirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta.
Cad a tharlóidh má thosaím an suirbhé agus ansin má athraím m’intinn ansin?
Is féidir leat stopadh am ar bith gan aon chúis a thabhairt.
An féidir liom cinneadh a dhéanamh faoi cé mhéad ba mhaith liom a roinnt?
Tá an suirbhé deartha chun ligean duit d’eolas a roinnt ar bhealach a bhraitheann soláimhsithe, agus is féidir leat é a chomhlánú ar do luas féin. Tá roinnt ceisteanna riachtanach chun cuidiú leis an gCoimisiún an t-eolas a fhaigheann sé a thuiscint, agus is cinn roghnacha iad ceisteanna eile. Ní iarrfar ort mioneolas a chur ar fáil faoi nádúr na drochúsáide sa suirbhé.
Beidh tú in ann athbhreithniú a dhéanamh ar shraith iomlán cheisteanna an tsuirbhé freisin roimh ré chun cinneadh a dhéanamh faoi cé acu ar mhaith leat páirt a ghlacadh.
Is féidir leat é sin a iarraidh tríd an tSeirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta.
An gcaithfidh mé an suirbhé a chomhlánú ar líne?
Ní chaithfidh. Cé go bhféadfadh cuid mhór daoine rogha a dhéanamh leis an suirbhé a chomhlánú ar líne, ní hé seo an t-aon rogha. Más fearr leat formáid eile, tá roghanna eile ar fáil – lena n-áirítear leagan ar páipéar nó tacaíocht chun é a chomhlánú ar an bhfón. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta chun rogha nó formáid eile a iarraidh.
An féidir le duine eile cuidiú liom an suirbhé a chomhlánú?
Is féidir. Is féidir leat tacaíocht a fháil chun an suirbhé a chomhlánú más mian leat. D’fhéadfadh sé seo a bheith ó dhuine iontaofa nó trí sheirbhís tacaíochta rannpháirtíochta an Choimisiúin.
An gcaithfidh mé m’ainm a thabhairt?
Iarrfar ort d’ainm a thabhairt, ach coinneofar é faoi rún agus ní bheidh sé le feiceáil in aon tuarasálacha.
Is eolas anaithnid a bheidh san eolas a fhoilsítear.
Cé ag a mbeidh rochtain ar an eolas a roinnim?
Díreach baill foirne údaraithe an Choimisiúin amháin. Déileálfar leis go rúnda agus i gcomhréir leis an dlí um chosaint sonraí. Inár bhFógra um Príobháideacht Sonraí, mínítear conas a bhailímid, a úsáidimid agus a chosnaímid faisnéis phearsanta le linn ár gcuid oibre. Áit a bhfaigheann an Coimisiún faisnéis phearsanta ina n-ardaítear ábhar imní um chosaint leanaí, nó ina bhfuil oibleagáidí tuairiscithe i gceist a bheadh ag an gCoimisiún, b’fhéidir go mbeidh air an fhaisnéis sin a roinnt le Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach) nó leis An nGarda Síochána.
An iarrfar orm ainm an duine a rinne drochúsáid orm a chur ar fáil?
Sa suirbhé cuirtear rogha ar fáil duit chun an duine a rinne drochúsáid ort a ainmniú. Is féidir leat rogha a dhéanamh cé acu an cheist seo a fhreagairt nó gan í a fhreagairt.
Áit a bhfaigheann an Coimisiún faisnéis phearsanta ina n-ardaítear ábhar imní um chosaint leanaí, nó ina bhfuil oibleagáidí tuairiscithe i gceist a bheadh ag an gCoimisiún, b’fhéidir go mbeidh air an fhaisnéis sin a roinnt le Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach) nó leis An nGarda Síochána.
Má rinne tú comhaontú rúndachta, comhaontú socraíochta, nó aon socruithe eile roimhe seo, ina gcuirtear srian le faisnéis a nochtadh, ba chóir duit comhairle dlí neamhspleách a fháil sula roinneann tú faisnéis leis an gCoimisiún.
Cad a tharlóidh má tá baint agam le himeachtaí sibhialta nó coiriúla ag an am seo?
Moltar duit comhairle dlí a lorg má tá baint agat le himeachtaí dlíthiúla atá ag leanúint ar aghaidh.
An ainmneofar mé nó an ndéanfar mé a aithint go poiblí má ghlacaim páirt?
Ní dhéanfar é sin. Ní ainmneofar tú ná ní dhéanfar tú a aithint go poiblí má ghlacann tú páirt. Is suirbhé anaithnid a bheidh i gceist leis an suirbhe agus ní thuairisceofar ach amháin eolas achomair ginearálta. Is clár anaithnid a bheidh i gceist leis an gClár Rannpháirtíochta Marthanóirí freisin. Ní dhéanfar aon eolas go poiblí uaidh a d’fhéadfadh tú ná duine eile a aithint.
An féidir liom páirt a ghlacadh má shínigh mé comhaontú rúndachta roimhe seo nó má tháinig mé ar shocrú rúndachta maidir le m’eispéireas?
Má rinne tú comhaontú rúndachta, comhaontú socraíochta, nó aon socruithe eile roimhe seo, ina gcuirtear srian le faisnéis a nochtadh, ba chóir duit comhairle dlí neamhspleách a fháil sula roinneann tú faisnéis leis an gCoimisiún. Is féidir le comhairleoir dlí cuidiú leat tuiscint a fháil ar do chearta agus ar aon oibleagáidí a bheadh i bhfeidhm ar do chúinsí ar leith.
