Réamhrá
Bunaíodh an Coimisiún Imscrúdúcháin maidir le Láimhseáil Drochúsáide Gnéasaí Stairiúla Leanaí i Scoileanna chun imscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáladh ábhair imní agus gearáin faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí i scoileanna in Éirinn.
In obair an Choimisiúin scrúdófar na gníomhartha a rinneadh (nó nach ndearnadh) mar fhreagairt ar thuairiscí d’ábhair imní den sórt sin a rinneadh chuig raon insititiúidí agus údarás, lena n-áirítear an Roinn Oideachais agus Óige, An Garda Síochána agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), boird sláinte agus Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. D’fhéadfadh sé gur tharla an drochúsáid idir 1927 agus 2013, ach d’fhéadfadh sé gur tuairiscíodh iad le déanaí.
Scóip Imscrúdúcháin an Choimisiúin
Faoina Théarmaí Tagartha, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Scrúdófar láimhseáil na scoileanna, agus na ndaoine agus na n-eintiteas freagrach as scoileanna agus bainteach le scoileanna, maidir le hábhair imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí.
- Scrúdófar an chaoi ar láimhseáladh gearáin faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí a tuairiscíodh do na comhlachtaí Stáit ábhartha.
- San áireamh sna comhlachtaí seo tá:
- An Roinn Oideachais
- An Garda Síochána
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (agus na comhlachtaí a bhí ann roimhe sin)
- Tusla – An Ghníomaireacht um Leanaí agus an Teaghlach
- Sainaithneofar cé acu ar teipeadh drochúsáid a thuairisciú, freagairt di, nó í a chosc
- Scrúdófar na córais, beartais agus cleachtais ábhartha, agus próisis cinnteoireachta le himeacht ama.
Is é fócas an Choimisiúin ná ar láimhseáil na n-ábhar imní agus na bhfreagairtí córasacha, seachas ar imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí ar leith.
In other words, the Commission is only empowered to investigate the handling of concerns and systemic responses; it does not have the power to investigate and determine individual allegations of child sexual abuse
Taifid agus Doiciméid
D’fhéadfadh taifid a bheith á gcoinneáil ag gníomhaireachtaí Stáit agus Ranna a bhaineann le himscrúdú an Choimisiúin. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh, mar shampla:
- Taifid, comhaid nó comhfhreagras a bhaineann le líomhaintí nó le hábhair imní
- Taifid de réamhfhógraí, atreoruithe nó imscrúdúcháin
- Cumarsáid inmheánach, ábhair faisnéise nó doiciméid bheartais
- Taifid de chinntí, gníomhartha a rinneadh, nó cúiseanna nár gníomhaíodh
- Treoir, ciorcláin nó nósanna imeachta stairiúla
Níor chóir taifid a scriosadh, a athrú ná fáil réidh leo, mar b’fhéidir go mbeidh siad ag teastáil ón gCoimisiún mar chuid dá imscrúdúchán. Faoi Alt 31 den Acht um Choimisiúin Imscrúdúcháin Act 2004, tá dualgas ar gach duine a bhfuil doiciméad nó faisnéis acu nó ina gcumhacht i bhfoirm ar bith a bhaineann le haon ábhar atá laistigh de théarmaí tagartha an Choimisiúin, an doiciméad nó an fhaisnéis sin a chaomhnú.
Moltar go mór do na comhlachtaí uile ábhartha céimeanna a ghlacadh láithreach bonn le haon taifid a chaomhnú atá acu, faoina gcúram nó faoina smacht a bhainfeadh leis an méid seo a leanas:
- Gearáin nó tuairiscí faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí i scoileanna
- Láimhseáil a leithéid d’ábhair imní
- Aon ghníomhartha a rinneadh nó nach ndearnadh mar fhreagairt
Clúdaíonn sé seo taifid ar páipéar agus taifid leictreonacha, chomh maith le hábhar i gcartlann atá lasmuigh den láthair nó atá ag na tríú páirtithe.
Níor chóir taifid a scriosadh, a athrú ná fáil réidh leo, mar b’fhéidir go mbeidh siad ag teastáil ón gCoimisiún mar chuid dá imscrúdúchán.
Cur Chuige i dtreo Faisnéis a Bhailiú
I bhfianaise scála agus nádúr stairiúil na n-ábhar atá faoi scrúdú, cuirfidh an Coimisiún cur chuige struchtúrtha agus iomchuí i dtreo faisnéis a bhailiú.
Suirbhé Tosaigh
Tosóidh an Coimisiún trí shuirbhé tosaigh a reáchtáil ag lorg faisnéise ó mharthanóirí, agus ó dhaoine eile, faoi dhrochúsáid ghnéasach a bhaineann le scoileana. Cuideoidh an fhaisnéis seo leis an gCoimisiún leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Tuiscint a fháil ar mhéid agus ar nádúr na ngearán faoi dhrochúsáid ghnéasach stairiúil a bhaineann le scoileanna
- Réimsí nó cásanna a shainaithint ina bhfuil dóthain ábhair chun tacú le mionscrúdú.
Cur Chuige Samplála
Tar éis na céime tosaigh seo, cuirfidh an Coimisiún cur chuige samplála i bhfeidhm, ina roghnófar cásanna nó catagóirí cásanna ar leith le haghaidh mion-imscrúdúcháin.
Tá an cur chuige seo riachtanach le go mbeidh an Coimisiún in ann tabhairt faoi imscrúdúchán fiúntach agus bunaithe ar fhianaise laistigh dá thréimhse ama cúig bliana.
Iarratais ar Fhaisnéis
Áit a n-aithnítear go mbaineann comhlacht Stáit le mionobair an Choimisiúin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Scríobhfar chuige go díreach le tuilleadh faisnéise nó doiciméad a iarraidh
- Sonrófar na hábhair, cásanna nó catagóirí cásanna ar leith atá ag teastáil
- Leagfar amach aon tréimhsí ama agus nósanna imeachta is infheidhme
Comhoibriú leis an gCoimisiún
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, nuair is féidir, tabhairt faoina obair a bhonn comhoibrithe dheonaigh.
Faoin Acht um Choimisiúin Imscrúdúcháin 2004:
- Táthar ag súil go lorgóidh agus go n-éascóidh Coimisiún comhoibriú deonach ó dhaoine aonair agus ó eagraíochtaí
- Tá an t-údarás dlíthiúil ag Coimisiún, nuair is gá, a chur mar cheangal doiciméid a thabhairt agus iallach a chur ar fhinnéithe fianaise a chur ar fáil.
Tá an Coimisiún ag súil leis go mbeidh na gníomhaireachtaí Stáit agus Ranna uile rannpháirteach ar bhealach tairbheach agus go gcuirfidh siad cuidiú iomlán ar. Nuair is gá, d’fhéadfadh an Coimisiún a chumhachtaí reachtúla a fheidhmiú lena chinntiú go gcuirtear faisnéis iomchuí ar fáil.
Tuilleadh Eolais
Cuirfear tuilleadh eolais faoi obair an Choimisiúin, lena n-áirítear nuashonruithe agus treoir, ar fáil ar an suíomh gréasáin seo.
Moltar do ghníomhaireachtaí Stáit agus Ranna:
- Athbhreithniú a dhéanamh ar a socruithe bainistíochta agus coinneála taifead
- Taifid agus cartlanna stairiúla iomchuí a aithint agus a choinneáil slán
- Ullmhú le freagairt ar iarratais ón gCoimisiún go pras agus go hionchuimsitheach.
