Réamhrá
Bunaíodh an Coimisiún Imscrúdúcháin maidir le Láimhseáil Drochúsáide Gnéasaí Stairiúla Leanaí i Scoileanna chun imscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáladh ábhair imní agus gearáin faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí i scoileanna in Éirinn.
The Commission’s work will examine the actions taken (or not taken) in response to such concerns across a range of institutions and authorities, including schools and those responsible for schools. The abuse must have occurred from 1927 to 2013, but may have been reported more recently or not reported at all.
Scóip Imscrúdúcháin an Choimisiúin
Faoina Théarmaí Tagartha, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Scrúdófar sé an chaoi ar láimhseáladh ábhair imní nó gearáin faoi dhrochúsáid leanaí a bhaineann le scoileanna
- Sainaithneofar cé acu ar teipeadh drochúsáid a thuairisciú, freagairt di, nó í a chosc
- Scrúdófar na córais, beartais agus cleachtais ábhartha, agus próisis cinnteoireachta le himeacht ama.
Is é fócas an Choimisiúin ná ar láimhseáil na n-ábhar imní agus na bhfreagairtí córasacha, seachas ar imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí ar leith.
Taifid agus Doiciméid
D’fhéadfadh taifid a bheith á gcoinneáil ag gníomhaireachtaí Stáit agus Ranna a bhaineann le himscrúdú an Choimisiúin. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh, mar shampla:
- Taifid, comhaid nó comhfhreagras a bhaineann le líomhaintí nó le hábhair imní
- Taifid de ghearáin, ábhair imní faoi chosaint leanaí nó prósis araíonachta ball foirne
- Miontuairiscí cruinnithe nó cumarsáid inmheánach
- Beartais nó nósanna imeachta i bhfeidhm ag an am
Moltar go mór do na scoileanna, na comhlachtaí pátrúnachta agus na boird bhainistíochta uile céimeanna a ghlacadh láithreach bonn le haon taifid a chaomhnú atá acu, faoina gcúram nó faoina smacht a bhainfeadh leis an méid seo a leanas:
- Líomhaintí, amhras nó ábhair imní faoi dhrochúsáid ghnéasach stairiúil leanaí
- Láimhseáil a leithéid d’ábhair imní
- Aon ghníomhartha a rinneadh nó nach ndearnadh mar fhreagairt
Clúdaíonn sé seo taifid ar páipéar agus taifid leictreonacha.
Níor chóir taifid a scriosadh, a athrú ná fáil réidh leo, mar b’fhéidir go mbeidh siad ag teastáil ón gCoimisiún mar chuid dá imscrúdúchán. Faoi Alt 31 den Acht um Choimsiúin Imscrúdúcháin 2004, tá oibleagáid ar gach duine a bhfuil ina s(h)eilb nó ina c(h)umhacht doiciméad nó faisnéis a bhaineann le hábhar ar bith atá laistigh de théarmaí tagartha an Choimisiúin, an doiciméad nó an fhaisnéis sin a chaomhnú.
Cur Chuige i dtreo Faisnéis a Bhailiú
I bhfianaise scála agus nádúr stairiúil na n-ábhar atá faoi scrúdú, cuirfidh an Coimisiún cur chuige struchtúrtha agus iomchuí i dtreo faisnéis a bhailiú.
Initial Survey
Tosóidh an Coimisiún trí shuirbhé tosaigh a reáchtáil an Fómhar seo ag lorg faisnéise ó mharthanóirí, agus ó dhaoine eile, faoi dhrochúsáid ghnéasach a bhaineann le scoileana. Cuideoidh an fhaisnéis seo leis an gCoimisiún leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Tuiscint a fháil ar mhéid agus ar nádúr na ngearán faoi dhrochúsáid ghnéasach stairiúil a bhaineann le scoileanna
- Réimsí nó cásanna a shainaithint ina bhfuil dóthain ábhair chun tacú le mionscrúdú.
Cur Chuige Samplála
Tar éis na céime tosaigh seo, cuirfidh an Coimisiún cur chuige samplála i bhfeidhm, ina roghnófar cásanna nó catagóirí cásanna ar leith le haghaidh mion-imscrúdúcháin.
Tá an cur chuige seo riachtanach le go mbeidh an Coimisiún in ann tabhairt faoi imscrúdúchán fiúntach agus bunaithe ar fhianaise laistigh dá thréimhse ama cúig bliana.
Iarratais ar Fhaisnéis
Áit a n-aithnítear go mbaineann comhlacht Stáit le mionobair an Choimisiúin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Scríobhfar chuige go díreach le tuilleadh faisnéise nó doiciméad a iarraidh
- Sonrófar na hábhair, cásanna nó catagóirí cásanna ar leith atá ag teastáil
- Leagfar amach aon tréimhsí ama agus nósanna imeachta is infheidhme
Comhoibriú leis an gCoimisiún
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, nuair is féidir, tabhairt faoina obair a bhonn comhoibrithe dheonaigh.
Faoin Acht um Choimisiúin Imscrúdúcháin 2004:
- Táthar ag súil go lorgóidh agus go n-éascóidh Coimisiún comhoibriú deonach ó dhaoine aonair agus ó eagraíochtaí
- Tá an t-údarás dlíthiúil ag Coimisiún, nuair is gá, a chur mar cheangal doiciméid a thabhairt agus iallach a chur ar fhinnéithe fianaise a chur ar fáil.
Tá an Coimisiún ag súil leis go mbeidh na scoileanna agus iad siúd atá freagrach as scoileanna rannpháirteach ar bhealach tairbheach agus go gcuideoidh siad go hiomlán lena chuid oibre. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé a chumhachtaí reachtúla a fheidhmiú le héifeachtúlacht an imscrúdúcháin a chinntiú.
Tuilleadh Eolais
Cuirfear tuilleadh eolais faoi obair an Choimisiúin, lena n-áirítear nuashonruithe agus treoir, ar fáil ar an suíomh gréasáin seo.
Moltar do scoileanna, comhlachtaí pátrúnachta agus boird bhainistíochta:
- Athbhreithniú a dhéanamh ar a gcleachtais um bainistíocht taifead
- A chinntiú go ndéantar na doiciméid iomchuí a aithint agus a chaomhnú
- Ullmhú le freagairt ar iarratais ón gCoimisiún nuair is gá.
