­ Suirbhé - Commission of Investigation

Suirbhé

Réamhrá

Tabharfaidh an Coimisiún faoi shuirbhé san Fhómhar in 2026. Is é an suirbhé an chéad chéim thábhachtach inár gcuid oibre. Baileofar faisnéis tosaigh leis ó dhaoine a raibh eispéireas nó eolas acu a bhaineann le Téarmaí Tagartha an Choimisiúin.

Cuideoidh cad a roinneann tú linn tuiscint a fháil ar cad a tharla, patrúin a aithint, agus ansin cinneadh a dhéanamh faoi cad ar a ndíreofar ansin. Beidh miontreoir rannpháirtíochta ar fáil nuair a lainseálfar an suirbhé san Fhómhar in 2026.

Cuspóir an tSuirbhé

Cuideoidh an suirbhé leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Faisnéis tosaigh a bhailiú ó raon leathan daoine atá ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún
  • Tuiscint a fháil ar eispéiris, téamaí agus patrúin
  • Cinneadh a dhéanamh faoin áit ar a ndíreofar sna chéad chéimeanna eile den imscrúdúchán
  • Daoine a aithint ar mian leo páirt a ghlacadh i rannpháirtíocht bhreise, lena n-áirítear an Clár Rannpháirtíochta Marthanóirí.

Má ghlacann tú páirt sa suirbhé, ní chiallaíonn sé sin go ndéanfar imscrúdú ar d’eispéireas ar leith. Mar sin féin, cuideoidh na freagraí uile le dul i bhfeidhm ar obair an Choimisiúin.

Cé atá in ann an Suirbhé a Chomhlánú?

Ba mhaith linn cloisteáil ó dhaoine i dtrí phríomhghrúpa:

Daoine a ndearnadh drochúsáid ghnéasach orthu mar leanaí i scoil, nó bainteach le scoil, idir 1927 agus 2013.

Ball teaghlaigh de dhuine a d’fhulaing drochúsáid ghnéasach leanaí i scoil, nó bainteach le scoil idir 1927 agus 2013, áit a bhfuil an duine sin tar éis bás a fháil nó nach féidir tacú leis/léi le páirt a ghlacadh é/í féin.

Daoine a chonaic drochúsáid, a raibh ábhair imní orthu, nó a raibh baint acu le hábhair imní a thuairisciú faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí i scoileanna.

An Chaoi a nDéantar an Suirbhé a Struchtúrú

Tá an suirbhé eagraithe i dtrí shruth, bunaithe ar na grúpaí thuas:

  • Sruth A: Marthanóirí
  • Sruth B: Ball Teaghlaigh
  • Sruth C: Daoine Eile a bhfuil Eolas Ábhartha acu

Treorófar tú go dtí an chuid is fearr a oireann d’eispéireas, agus ní chuirfear ort ach ceisteanna a bhaineann leat féin.

Cad a Fhiafraítear sa Suirbhé

San áireamh sa suirbhé tá ceisteanna faoin méid seo a leanas:

  • D’ainm, sonraí teagmhála agus roghanna teagmhála (tá an t-eolas seo ag teastáil chun an suirbhé a chomhlánú)
  • An chúis atá agat leis an suirbhé a chomhlánú (mar shampla, marthanóir, ball teaghlaigh, nó eile)
  • An scoil atá i gceist (ainm agus suíomh na scoile)
  • An tréimhse ama go garbh nuair a tharla an drochúsáid (mar shampla, go luath sna 1970idí, i lár na 1970idí nó go déanach sna 1970idí)
  • An duine nó na daoine a bhí freagrach as an drochúsáid (mar shampla, a n-ainm nó an bhaint a bhí acu leis an scoil – is ceisteanna roghnacha iad na ceisteanna seo)
  • Tuairisciú na n-ábhar imní nó na ngearán (má tuairiscíodh an drochúsáid, cé dó ar tuairiscíodh í agus cén chaoi ar láimhseáladh í seo)
  • Cé acu ar mhaith leat go ndéanfaí teagmháil leat maidir le rannpháirtíocht bhreise (mar shampla, an clár Rannpháirtíochta Marthanóirí, nó le faisnéis bhreise a chur ar fáil)

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir an suirbhé seo a chomhlánú gan d’ainm a nochtadh. Déantar amhlaidh chun cabhrú linn tuiscint a fháil ar eispéiris daoine, chun a chinntiú nach ndéantar freagraí a dhúbláil, agus chun gur féidir linn teagmháil a dhéanamh arís le daoine nuair is cuí. Tuigimid nádúr íogair an ábhair seo agus láimhseálfaimid gach píosa eolais go cúramach, go measúil agus faoi rún.

Beidh an rogha agat a chur in iúl nach mian leat teagmháil bhreise a fháil tar éis an tsuirbhé, nó a chur in iúl go mbeadh suim agat páirt a ghlacadh i gcéimeanna breise de chuid obair an Choimisiúin.

An Chaoi leis an Suirbhé a Chomhlánú

Beidh an suirbhé ar fáil:

  • Ar líne tríd an suíomh gréasáin seo
  • Leagan ar páipéar (ar fáil ach é a iarraidh)
  • Ar ghlao fóin nó físeáin trí choinne lenár Seirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta

Cuirfear níos mó sonraí faoin gcaoi le rochtain a dhéanamh ar gach rogha sula n-osclaíonn an suirbhé.

Má chinneann tú páirt a ghlacadh ann, b’fhéidir go mbeadh sé úsáideach duit spás ciúin a roghnú áit nach gcuirfear isteach ort.

An Suirbhé a Chomhlánú ar Líne

Is féidir leat an suirbhé a chomhlánú ag baint úsáid as gléas ar bith, lena n-áirítear fón póca, táibléad, ríomhaire glúine nó ríomhaire deisce.

Beidh an suirbhé ar fáil trí nasc oscailte gréasáin. Ní bheidh ort cuntas ná pasfhocal a shocrú le páirt a ghlacadh ann, ach beidh gá le seoladh ríomhphoist a bheith agat. Mar sin féin, níl seoladh ríomhphoist ag teastáil uait má chuireann tú isteach leagan ar páipéar. Agus an suirbhé á chomhlánú agat, sábhálfar do chuid freagraí go huathoibríoch, chomh fada agus atá an gléas agus brabhsálaí céanna in úsáid agat. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat sos a ghlacadh agus filleadh ar an suirbhé níos déanaí gan an dul chun cinn atá déanta agat a chailleadh. Ach, má tá ríomhaire nó gléas comhroinnte á úsáid agat, ní féidir leat é seo a dhéanamh, mar go mbeidh ort an suirbhé a dhúnadh chun do chuid faisnéise a chosaint.

Nuair atá tú críochnaithe, ní mór duit ‘Cuir isteach an Suirbhé’ a roghnú le do chuid freagraí a chur chuig a gCoimisiún. Go dtí go ndéanann tú é sin, ní bheidh do shuirbhé faighte. Agus do shuirbhé curtha isteach agat, gheobhaidh tú ríomhphost ina ndeimhneofar gur éirigh leat é a sheoladh isteach.

Ag tús an tsuirbhé, beidh rogha agat na socruithe inrochtana a athrú le bheith in oiriúint do do chuid riachtanas. San áireamh anseo tá an méid seo a leanas:

  • Méid an téacs a mhéadú
  • Na ceisteanna a bheith léite amach os ard
  • Breathnú ar an suirbhé i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL)

Má bhíonn aon chuidiú de dhíth ort, tá tacaíocht ar fáil tríd an tSeirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta.

Conas a Dhearamar an Suirbhé

Tuigeann an Coimisiún go bhféadfadh sé a bheith deacair do thaithí a roinnt tríd an suirbhé. Ba mhaith linn a chur in iúl d’aon duine atá ag smaoineamh ar pháirt a ghlacadh ann go bhfuil an suirbhé ullmhaithe agus riachtanais na marthanóirí mar thosaíocht. Príomhphrionsabal is ea nach n-iarraimid ach an fhaisnéis atá riachtanach faoi láthair chun obair an Choimisiúin a chur chun cinn.

D’oibríomar go dlúth le marthanóirí agus le saineolaithe i gcleachtas atá bunaithe ar thráma chun a chinntiú go léiríonn an suirbhé prionsabail atá dírithe ar mharthanóirí, lena n-áirítear sábháilteacht, rúndacht, meas agus cuimsitheacht. Rinne grúpa marthanóirí an suirbhé a thástáil, arna thacú ag Duine Amháin as Ceathrar (One in Four), lena chinntiú go bhfuil sé sábháilte, inrochtana agus ag freagairt do riachtanais na marthanóirí, chomh fada agus is féidir.

Táimid tar éis dul i gcomhairle freisin leis an bPríomh-Oifig Staidrimh — a raibh a taithí ar shuirbhéanna a dhéanamh ar ábhair íogaire an-chabhrach — agus leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.

Ba mhaith linn go mbeadh a fhios agat an méid seo a leanas sula dtosaíonn tú:

  • Is ar bhonn deonach atá sé páirt a ghlacadh.
  • Is féidir leat d’intinn a athrú am ar bith.
  • Is féidir leat sos a ghlacadh agus teacht ar ais chuige níos déanaí.
  • Tá tacaíocht ar fáil má bhíonn sé de dhíth ort.

Cad a Tharlóidh i nDiaidh an tSuirbhé

Tar éis don suirbhé teacht chun deiridh, glacfaidh an Coimisiún roinnt céimeanna, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

  • Déanfar athbhreithniú agus anailís ar na freagraí. Cuideoidh an fhaisnéis le treoir a thabhairt d’imscrúdúchán an Choimisiúin.
  • B’fhéidir go n-iarrfaí ar roinnt daoine faisnéis bhreise a chur ar fáil don Imscrúdúchán, má chuir siad in iúl go bhfuil siad toilteanach go ndéanfaí teagmháil leo chun na críche sin.

Ag Coinneáil Suas Chun Dáta

Coinneoimid tú suas chun dáta maidir leis an suirbhé trí na bealaí seo a leanas:

  • Tríd an leathanach seo den suíomh gréasáin a nuashonrú le dáta oscailte an tsuirbhé, a bheidh i bhFómhar na bliana 2026.
  • Tríd an leathanach seo den suíomh gréasáin a nuashonrú le nasc chuig an suirbhé.
  • Trí eolas a chur ar fáil faoin gcaoi le rogha ar páipéar nó ar an bhfón a iarraidh.
  • Trí fheachtas faisnéise poiblí a reáchtáil (fógraí sna nuachtáin agus ar an raidió san áireamh) ina  gcuirfear daoine ar an eolas freisin nuair a bheidh an suirbhé oscailte.
Scroll to Top