Tá an Coimisiún Imscrúdúcháin maidir le Láimhseáil na Drochúsáide Gnéasaí Stairiúla Leanaí i Scoileanna tiomanta lena chinntiú go gcuireann an inrochtaineacht lenár mbeartais inmheánacha agus go bhfuil siad comhtháite inár gcleachtais soláthair.
Táimid tiomanta freisin go mbeidh teacht ar an suíomh gréasáin ag a oiread lucht spéise agus is féidir. Sa ráiteas seo, leagtar amach na bearta atá déanta againn le hardchaighdeán tacaíochta inrochtaineachta a chinntiú ar fud an tsuímh ghréasáin seo.
Compliance Status
Dearadh an suíomh gréasáin seo i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 AA. Sna treoirlínte seo, mínítear an chaoi leis an ábhar gréasáin a dhéanamh níos inúsáidte do dhaoine faoi mhíchumas agus níos furasta le húsáid do gach duine.
Measures to support accessibility
Chun feabhas a chur leis an inrochtaineacht, rinneamar iarrachtaí suntasacha lena chinntiú go bhfuil an t-ábhar uile ar an suíomh gréasáin seo soiléir, inléite agus éasca lena thuiscint. Am ar bith is féidir, sheachnaíomar béarlagair agus bhaineamar úsáid as gnáth-Bhéarla ionas gur féidir leis an oiread lucht spéise agus is féidir rochtain a dhéanamh air.
Tá an suíomh gréasáin deartha le bheith láidir agus le bheith léirmhínithe go hiontaofa ag raon leathan de ghníomhaithe úsáideora, teicneolaíochtaí cúnta san áireamh.
San áireamh sna bearta eile a rinneamar tá an méid seo a leanas:
- nasc seasmhach agus leagan amach leathanach intuartha a chothabháil
- leathanaigh agus ceannteidil agus ord léitheoireachta loighciúil a struchtúrú
- codarsnacht dathanna láidir a chur ar fáil
- a chinntiú gur féidir an suíomh a úsáid le méarchlár
- leathanaigh a dhearadh chun oibriú ar ghléasanna móibíleacha, táibléid agus deisce
- rogha eile téacs chiallmhar a chur ar fáil d’íomhánna agus do naisc thuairisciúla
- a chinntiú gur féidir rochtain a dhéanamh ar fhoirmeacha agus go bhfuil siad lipéadaithe go soiléir
Ní liosta iomlán é an liosta seo.
Leanfaimid ag déanamh athbhreithnithe ar struchtúr, ábhar agus nascleanúint ár suímh gréasáin agus á thabhairt suas chun dáta ionas go mbeidh siad i gcomhréir leis na caighdeáin inrochtana aitheanta agus go dtacóidh siad le heispéireas dearfach úsáideora do na cuairteoirí uile.
Limitations
D’fhéadfadh sé go bhfuil roinnt ábhair nó doiciméad nach gcomhlíonann na caighdeáin inrochtana go fóill. Táimid ag obair chun tabhairt faoi na ceisteanna seo mar chuid dár gclár feabhsaithe leanúnach.
Feedback and contact information
Má tá deacracht agat rochtain a dhéanamh ar aon chuid den suíomh gréasáin seo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún le tacaíocht a fháil:
- R-phost: info@commissionofinvestigation.ie
- Teil: (01) 920 8787
- Seoladh poist: Commission of Investigation, PO Box 13903, Dublin 2
Inis dúinn le do thoil:
- an leathanach nó an ghné a bhí tú ag iarraidh a úsáid
- an fhadhb a bhí agat
- conas is féidir linn cabhrú
Déanfaimid ár ndícheall tacaíocht a thabhairt duit.
Enforcement
Mura mbíonn tú sásta le freagra an Choimisiúin, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman. Tá eolas faoi ghearán a dhéanamh faoin Acht um Míchumas ar fáil ag Oifig an Ombudsman.
