­ Tacaíocht do Mharthanóirí - Commission of Investigation

Tacaíocht do Mharthanóirí

Tá an Coimisiún tiomanta lena chinntiú go bhfuil a phróisis inrochtana agus ionchuimsitheach, agus go bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh siud a bhfuil sí de dhíth orthu le páirt a ghlacadh sa suirbhé agus sna céimeanna dár gcuid oibre ina dhiaidh sin. Tuilleadh eolais faoi Thacaíocht Rannpháirtíochta.

Seirbhísí Tacaíochta Seachtracha

Tá tacaíocht dóibh siúd a d’fhulaing drochúsáid ghnéasach ar fáil ó líon gníomhaireachtaí thíos. Mura bhfuil tú cinnte faoin gcineál tacaíochta atá de dhíth ort, moltar duit labhairt le do dhochtúir teaghlaigh.

Duine Amháin as Gach Ceathrar

Cuireann Duine Amháin as Gach Ceathrar tacaíocht ar fáil do mharthanóirí aosaigh a d’fhulaing drochúsáid ghnéasach leanaí:

An tSeirbhís Náisiúnta Comhairleoireachta

Cuireann Seirbhís Náisiúnta Comhairleoireachta FSS seirbhís comhairleoireachta agus síciteiripe atá gairmiúil agus faoi rún ar fáil do dhaoine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine a d’fhulaing drochúsáid leanaí. Is féidir rochtain a dhéanamh ar an tseirbhís trí fhéin-atreorú nó trí atreorú ó dhochtúir teaghlaigh.

  • Tá an tseirbhís ar fáil i Réigiúin Sláinte uile FSS. Tá an t-eolas teagmhála éagsúil ag brath ar cá bhfuil tú in Éirinn, ach is féidir teacht ar na sonraí teagmhála do gach ceantar áitiúil ag:

Tú féin a atreorú go dtí an SNC

Connect Counselling

Is seirbhís comhairleoireachta agus tacaíochta teileafóin de chuid FSS í Connect Counselling le haghaidh daoine fásta a d’fhulaing drochúsáid leanaí. Is iad comhairleoirí cáilithe atá ar an bhfoireann agus tá sí ar fáil ó thráthnóna Dé Céadaoin go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh ó 5pm-9pm.

Rape Crisis Centre

Seirbhís éisteachta agus tacaíochta atá saor in aisce agus faoi rún á tairiscint do dhuine ar bith a ndearnadh éigniú, ionsaí gnéasach, ciapadh gnéasach nó drochúsáid ghnéasach air/uirthi ag am ar bith ina saol.

Samaritans

Tá na Samáraigh ar fáil le haghaidh tacaíochta éisteachta atá faoi rún agus neamhbhreithiúnach. Is féidir leat glaoch nó ríomhphost a chur chuig na Samáraigh uair ar bith, de lá agus d’oíche:

Pieta

Cuireann Pieta comhairleoireacht ar fáil ina n-ionaid ar fud na tíre, agus tacaíocht ar an bhfón. Tá a gcuid seirbhísí le haghaidh daoine atá i mbaol lámh a chur ina mbás féin, agus do dhaoine atá fágtha faoi bhrón de bharr féinmharaithe:

  • Saorghlao 1800 247 247 (uair ar bith, de lá nó d’oíche)
  • Cuir an téacs HELP go dtí 51444 (tá gnáthrátaí teachtaireachtaí i bhfeidhm)
  • Tabhair cuairt ar www.pieta.ie le haghaidh tuilleadh eolais

Text About It (Cuir Téacs Faoi)

Seirbhís téacs saor in aisce ina gcuirtear tacaíocht mhothúchánach do dhuine ar bith atá ag fulaingt mar gheall ar ghéarchéim, trí theagmháil a dhéanamh i gcomhrá téacs le hoibrí deonach oilte agus faoi mhaoirseacht:

  • Cuir an téacs HELLO go dtí 50808 chun tús a chur le comhrá
  • Tabhair cuairt ar www.textaboutit.ie le haghaidh tuilleadh eolais

Eolas maidir le Meabhairshláinte

Tabhair cuairt ar www.yourmentalhealth.ie le haghaidh eolais faoin gcaoi le haire a thabhairt do do mheabhairshláinte, le tacaíocht a thabhairt do dhaoine eile, nó le seirbhís a aimsiú i do cheantar. Ar an suíomh, is féidir leat eolas a aimsiú faoi na tacaíochtaí atá á gcur ar fáil ag eagraíochtaí atá maoinithe ag FSS, lena n-áirítear féinchabhair, comhairleoireacht, línte cabhracha agus tacaíochtaí ar líne. Is féidir leat glaoch ar chur ar Do Líne Eolais maidir le Meabhairshláinte de chudi FSS ar an saorghlao 1800 111 888 le haghaidh eolais faoi sheirbhísí meabhairshláinte i do cheantar. Tá an Líne Eolais oscailte uair ar bith, de lá nó d’oíche.

Tacaíocht do Mharthanóirí thar lear

An Bhreatain

Dóibh siúd atá ina gcónaí sa Bhreatain ar mhaith leo leas a bhaint as tacaíochtaí go háitiúil, tá líon eagraíochtaí ann – arna thacú ó thaobh airgeadais de ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha tríd an gClár Tacaíochta d’Eisimircigh – a chuireann tacaíocht ar fáil.

ICAP

Is é ICAP an t-aon sainseirbhís comhairleoireachta agus síciteiripe bunaithe sa Bhreatain a thugann tacaíocht do dhaoine ón phobal Éireannach a bhfuil raon fadhbanna mothúchánacha rompu, lena n-áirítear dúlagar, imní agus strus. Tá saineolas ar leith acu faoi bheith ag obair leo siúd a tháinig beo as drochúsáid leanaí agus cuireann siad seirbhís teiripe saor in aisce ar fáil do mharthanóirí de dhrochúsáid institiúideach:

Lárionad Éireannach Londan

Le seirbhís chomhtháite marthanóirí Lárionad Éireannach Londan, cuirtear tacaíocht agus abhcóideacht ar fáil do mharthanóirí agus d’iarchónaitheoirí institiúidí Éireannacha atá ina gcónaí i Londain agus san Oirdheisceart. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar 0207 916 2222, agus ag community@londonirishcentre.org

Tá tuilleadh eolais ar fáil.

Fréa – Renewing Roots (Fréamhacha a Athmhúscailt)

Is comhpháirtíocht é Fréa – Renewing Roots idir Cúram an Phobail Éireannaigh, Sláinte agus Tithe an Phobail Éireannaigh Leeds agus Cúram an Phobail Éireannaigh Manchain, ina dtugtar tacaíocht do mharthanóirí agus d’iarchónaitheoirí institiúidí Éireannacha, chomh maith le tacaíocht mhothúchánach agus phraiticiúil a thairiscint.

Tá tuilleadh eolais ar fáil.

Cumann Éireannach Coventry

Oibríonn Cumann Éireannach Coventry le marthanóirí agus iarchónaitheoirí institiúidí Éireannacha.

Tá tuilleadh eolais ar fáil.

Na Stáit Aontaithe

In Ionaid Chomhghuaillíocht Inimirce na hÉireann, cuirtear tacaíocht ar fáil do na pobail Éireannacha/Ghael-Mheiriceánacha a bhfuil siad ag freastal orthu.

Tá tuilleadh eolais ar fáil agus tá sonraí na n-ionad ar fáil.

Tíortha eile

Do dhaoine atá ina gcónaí lasmuigh d’Éirinn, den Bhreatain agus de na Stáit Aontaithe, is féidir le hAmbasáid nó Consalacht áitiúil de chuid na hÉireann sonraí eagraíochtaí a chur ar fáil a bheadh in ann cuidiú.

Tá liosta ambasáidí agus consalachtaí ar fáil ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Líomhain a thuairisciú don Gharda Síochána maidir le drochúsáid ghnéasach

Más mian leat líomhain a thuairisciú maidir le drochúsáid ghnéasach, is féidir dul i dteagmháil le do stáisiún áitiúil de chuid an Gharda Síochána, leis an Aonad Bainistíochta um Choireanna Gnéis de chuid an Gharda Síochána (01-6663430) nó le Líne Thuairiscithe an Gharda Síochána maidir le Drochúsáid Ghnéasach Leanaí (1800 555 222), seirbhís atá faoi rún, saor in aisce agus ar fáil ar bhonn 24/7. De rogha air sin, is féidir ríomhphost a chur chuig GNPSB_SCMU@garda.ie

Scroll to Top