FÁILTE
Is comhlacht neamhspleách é Coimisiún Imscrúdúcháin arna bhunú ag Rialtas na hÉireann chun scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna gur ábhar tromchúiseach imní ag an bpobal é.
Bunaíodh an Coimisiún Imscrúdúcháin maidir le Láimhseáil Drochúsáide Gnéasaí Leanaí i Scoileanna chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáil scoileanna agus iad siúd freagrach as scoileanna, ábhair imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí.
Tá trí phríomhchuid in obair an Choimisiúin:
Reáchtálfaidh an Coimisiún suirbhé san Fhómhar in 2026 ina dtabharfar cuireadh do mharthanóirí agus do dhaoine eile a bhfuil eolas ábhartha acu chun roinnt ceisteanna tosaigh a fhreagairt. Cuideoidh na freagraí le cinneadh a dhéanamh faoi fhócas na chéad chéimeanna eile d’obair an Choimisiúin. Cliceáil anseo leis an suirbhé a chomhlánú.
Reáchtálfaidh an Coimisiún imscrúdúchán chun a fháil amach cá háit ar teipeadh leanaí a chosaint. Is é an cuspóir atá aige mionscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáil scoileanna agus comhlachtaí reachtúla ábhair imní nó líomhaintí faoi dhrochúsáid ghnéasach ag baint úsáid as cur chuige samplála.
Reáchtálfaidh an Coimisiún Clár Rannpháirtíochta Marthanóirí chun éisteacht go díreach le marthanóirí. Beidh an próiseas neamhfhoirmiúil agus tá sé deartha chun cosaint a thabhairt do phríobháideachas gach duine.





