­ Páirt a Ghlacadh - Commission of Investigation

Páirt a Ghlacadh

Tá trí phríomhchuid i gceist le hobair an Choimisiúin. Is féidir leat níos mó a léamh faoi gach cuid, agus faoin gcaoi le dul i dteagmháil leis an gCoimisiún, ar an leathanach seo.

Suirbhé

Reáchtálfaidh an Coimisiún suirbhé an Fómhar seo. Tugaimid cuireadh do dhaoine faisnéis tosaigh a chur ar fáil tríd an suirbhé. Tá an suirbhé oscailte do mharthanóirí de dhrochúsáid ghnéasach leanaí i scoileanna, do bhaill teaghlaigh atá ag gníomhú thar ceann marthanóirí i gcásanna áirithe, agus do dhaoine eile a bhfuil eolas ábhartha acu.

Beidh an suirbhé ar fáil lena chomhlánú ar líne tríd an suíomh gréasáin seo. Beidh cóipeanna ar páipéar ar fáil freisin más fearr leat é sin. Beidh miontreoir rannpháirtíochta ar fáil nuair a dhéanfar an suirbhé a lainseáil san Fhómhar in 2026.

Leis na freagraí ar an suirbhé, cuideofar le cinneadh a dhéanamh faoin bhfócas de na chéad chéimeanna eile d’obair imscrúdaitheach an Choimisiúin. Is cuid riachtanach den phróiseas seo é an suirbhé.

Cuirfear uasdátuithe ar fáil anseo faoin gcaoi ar féidir an suirbhé a chomhlánú agus cathain atá sé le comhlánú. Beidh feachtas meán ann ina bhfógrófar an suirbhé go poiblí nuair atá sé réidh lena chomhlánú.

Tá an Coimisiún tiomanta lena chinntiú go bhfuil ár bpróisis inrochtana agus ionchuimsitheach. Beidh tacaíocht ar fáil do dhuine ar bith a bhfuil cuidiú de dhíth air/uirthi le páirt a ghlacadh sa suirbhé nó i gcéimeanna níos déanaí dár gcuid oibre. Cuirfear eolas faoin gcaoi le rochtain a dhéanamh ar thacaíocht rannpháirtíochta sula lainseálfar an suirbhé. Léigh tuilleadh faoin tSeirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta.

Tá a fhios ag an gCoimisiún go bhféadfadh sé a bheith an-deacair páirt a ghlacadh sa suirbhé agus táimid tiomanta do chur chuige trámathreoraithe sa rannpháirtíocht uile leo siúd atá buailte lenár gcuid oibre.

Cé Atá in Ann an Suirbhé a Chomhlánú?

Sa suirbhé, ba mhaith leis an gCoimisiún cloisteáil ó na daoine seo a leanas:

  • Daoine a ndearnadh drochúsáid ghnéasach orthu mar leanaí ar scoil, nó a bhí bainteach le scoil, idir 1927 agus 2013
  • Baill teaghlaigh de dhuine ar bith a ndearnadh drochúsáid ghnéasach air/uirthi ar scoil, má tá an duine a ndearnadh drochúsáid air/uirthi marbh anois nó mura bhfuil sé/sí in ann páirt a ghlacadh go díreach
  • Daoine eile a bhí ar an eolas faoi dhrochúsáid ghnéasach ar leanaí i scoileanna agus/nó daoine a rinne gearán faoi dhrochúsáid ghnéasach i scoil.

I ngach suirbhé, iarrfar ar gach duine a roghanna a chur in iúl maidir le tuilleadh teagmhála leis an gCoimisiún. Tar éis an suirbhé a chur i gcrích, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis na rannpháirtithe faoi na chéad chéimeanna eile, má chuir siad in iúl go mbeadh spéis acu páirt a ghlacadh.

Beidh an deis ag na marthanóirí uile páirt a ghlacadh inár gClár Rannpháirtíochta Marthanóirí. Cuirfidh an clár deonach seo spás sábháilte ina bhfuil tacaíocht ar fáil do dhaoine chun cuntas a n-eispéiris agus an tionchar a bhí aige ar a s(h)aol a roinnt.

Tabharfaidh an Coimisiún faoi imscrúdúchán chun scrúdú a dhéanamh go mion ar an gcaoi ar láimhseáil scoileanna drochúsáid ghnéasach, agus chun a fháil amach na háiteanna inar teipeadh leanaí a chosaint. Is gá don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh freisin ar láimhseáil na n-ábhar imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí a tuairiscíodh chuig An nGarda Síochána, chuig an Roinn Oideachais agus chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). 

Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar láimhseáil na n-ábhar imní nó na líomhaintí faoi dhrochúsáid ghnéasach, ag baint úsáid as cur chuige samplála chun scrúdú a dhéanamh cé acu ar theip ar scoileanna agus comhlachtaí reachtúla áirithe leanaí a chosaint.

Ciallaíonn sé seo nach ndéanfar imscrúdú ar gach cás, ach leis an eolas uile a bhailítear tríd an suirbhé cuideofar leis an gCoimisiún ábhar a imscrúdúcháin a aithint. Is féidir leat na Téarmaí Tagartha a léamh le haghaidh tuilleadh eolais.

Is é fócas imscrúdúcháin an Choimisiúin ná an chaoi ar fhreagair scoileanna nuair a tháinig ábhair imní nó líomhaintí faoi dhrochúsáid chun cinn agus an chaoi ar láimhseáil na comhlachtaí ábhartha ábhair imní faoi dhrochúsáid ghnéasach i scoileanna a tuairiscíodh dóibh.

I roinnt cásanna, b’fhéidir go lorgóidh an Coimisiún ráitis, nó tuilleadh rannpháirtíochta ó mharthanóirí nó ó dhaoine eile. Chun srian a chur leis an riosca atrámaithe, ní tharlóidh sé seo ach amháin i gcúinsí teoranta agus le cead amháin ón marthanóir.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin Imscrúdúchán.

Is clár deonach é seo ina dtabharfar spás sábháilte ina bhfuil tacaíocht ar fáil do mharthanóirí de dhrochúsáid ghnéasach chun cuntas a n-eispéireas agus an tionchar a bhí aige ar a saol a roinnt tuilleadh. Beidh an próiseas anseo neamhfhoirmiúil, faoi rún agus anaithnidithe chun cosaint a thabhairt do phríobháideachas gach duine. I gcásanna áirithe, is féidir le ball teaghlaigh cuntas a thabhairt thar ceann duine a d’fhulaing a leithéid de dhrochúsáid.

Tuairisceoidh an Clár Rannpháirtíochta Marthanóirí chuig Cathaoirleach an Choimisiúin maidir le tionchar na drochúsáide gnéasaí leanaí i scoileanna agus maidir le haon cheachtanna is féidir a fhoghlaim chun bearta cosanta leanaí amach anseo a neartú tuilleadh. Ní aithneofar rannpháirtithe ar leith sa tuarascáil seo.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin gClár Rannpháirtíochta Marthanóirí.

Aithnímid, ina lán cásanna, gur eolas an-phearsanta a bheidh san eolas a roinntear leis an gCoimisiún. Tá sé ríthábhachtach go dtuigeann tú an chaoi a láimhseálfar do chuid eolais, ionas gur féidir leat cinneadh eolach a dhéanamh faoi an nglacfar páirt ann.

Inár Fógra um Príobháideacht Sonraí, mínítear conas a bhailímid, a úsáidimid agus a chosnaímid faisnéis phearsanta le linn ár gcuid oibre.

Léigh an Fógra um Príobháideacht Sonraí ina iomláine.

Scroll to Top