Cad Air a nDéanfaidh an Coimisiún Imscrúdú
Bunaíodh an Coimisiún chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáladh ábhair imní agus gearáin faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí in Éirinn thar thréimhse fhada stairiúla.
Díreoidh a chuid oibre ar thuiscint a fháil ar chórais agus ar fhreagraí. Mar atá leagtha amach inár dTéarmaí Tagartha, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar líon cásanna samplacha áit a raibh ábhair imní faoi drochúsáid ghnéasach leanaí agus/nó ina ndearnadh gearáin. Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar an gcaoi ar láimhseáladh a leithéid de ghearáin agus d’ábhair imní sna cásanna roghnaithe sin.
Bunóidh an Coimisiún Clár Rannpháirtíochta Marthanóirí freisin.
Scóip an Imscrúdúcháin
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar fhreagair scoileanna, agus iad siúd freagrach as scoileanna, d’ábhair imní agus do ghearáin faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí. Baineann sé seo leis na cineálacha scoileanna uile, lena n-áirítear scoileanna lae agus cónaithe. Roghnóidh an Coimisiún cásanna samplacha le himscrúdú mion a dhéanamh orthu.
- Look at how specific State bodies responded to complaints reported to them. These bodies include:
- An Roinn Oideachais
- An Garda Síochána
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (agus na heagraíochtaí a bhí ann roimhe seo agus na cinn a bheidh ann ina diaidh, ar nós na Boird Sláinte agus an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach – Tusla)
- Drochúsáid ghnéasach a tharla ó 1927 go 2013 a mheas. B’fhéidir gur tuairiscíodh an drochúsáid tar éis 2013, agus tá láimhseáil a leithéid de ghearáin laistigh de scóip an Choimisiúin.
Aidhm Iomlán an Imscrúdúcháin
Trína imscrúdúchán, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún:
- Fáil amach faoin gcaoi ar láimhseáladh drochúsáid ghnéasach stairiúil leanaí i scoileanna sna cásanna sin a roghnaíonn sé le himscrúdú a dhéanamh orthu.
- Tuiscint a fháil ar an gcaoi ar ligeadh dá leithéid de dhrochúsáid tarlú thar thréimhse ama
- Cur le foghlaim agus le cosaint leanaí amach anseo.
Díreoidh an Coimisiún ar an gcaoi ar láimhseáladh gearáin nó ábhair imní, lena n-áirítear:
- Cé acu ar tuairiscíodh líomhaintí nó ábhair imní, ar tugadh neamhaird orthu nó ar cuireadh faoi cheilt iad
- Cé acu ar glacadh leis na céimeanna iomchuí chun leanaí a chosaint ar dhíobháil
- Cé acu ar fhreagair institiúidí agus údaráis go hiomchuí agus go héifeachtach
- Na córais, cleachtais agus cinntí inar ligeadh do dhrochúsáid ghnéasach tarlú nó leanúint ar aghaidh.
Aithneoidh an Coimisiún go háirithe áit a raibh teipeanna sa fhreagairt, ar nós gan tuairisciú a dhéanamh nó gan dóthain a dhéanamh.
Cur chuige i dtreo an imscrúdúcháin
Is gá don Choimsiún a chuid oibre a chur i gcrích laistigh de chúig bliana. Mar gheall ar scála na saincheiste, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Úsáid a bhaint as cur chuige cuspóiriúil samplála, ag scrúdú cásanna roghnaithe seachas láimhseáil gach cáis de dhrochúsáid ghnéasach stairiúil
- Díriú ar chásanna ina bhfuil dóthain fianaise finnéithe agus doiciméadaí chun teacht ar chinntí iontaofa.
Tá an cur chuige seo deartha chun ligean don Choimisiún cinntí fiúntacha a chur ar fáil laistigh dá thréimhse ama.
Tá cumhachtaí leathana ag an gCoimisiún chun a imscrúdúchán a reáchtáil. Sa chéad dul síos, reáchtálfaidh sé suirbhé tosaigh san Fhómhar in 2026 ina lorgófar eolas ó mharthanóirí agus ó dhaoine eile. Leis an eolas seo cuideofar le cinneadh a dhéanamh faoi fhócas a chuid oibre. Más mian leat eolas a chur ar fáil tríd an suirbhé, cliceáil ar Suirbhé le haghaidh tuilleadh eolais.
D’fhéadfadh an Coimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:
- Doiciméid agus taifid a bhaineann leis na saincheisteanna atá faoi scrúdú a bhailiú agus athbhreithniú a dhéanamh orthu.
- Eolas a iarraidh ó dhaoine aonair agus ó eagraíochtaí.
- Iarraidh nó iallach a chur ar fhinnéithe fianaise a thabhairt, lena n-áirítear faoi mhionn nuair is gá.
- Ionchur saineolaithe a lorg chun cuidiú le hanailís a dhéanamh ar shaincheisteanna casta.
Faoin dlí, is féidir le Coimisiún iallach a chur ar dhaoine nó ar eagraíochtaí comhoibriú a dhéanamh agus is féidir cur ar dhoiciméid a chur ar fáil nuair is gá.
Tá sé tábhachtach a rá, faoinár gcur chuige dírithe ar mharthanóirí agus trámathreoraithe, go lorgaíonn an Coimisiún eolas ó mharthanóirí ar bhonn deonach amháin, agus nach bhfuil sé i gceist iallach a chur ar chomhoibriú ná ar dhoiciméid ó mharthanóirí.
Socróidh an Coimisiún a nósanna imeachta féin ionas gur féidir leis a chuid oibre a dhéanamh go héifeachtach, go cothrom agus go héifeachtúil. Beidh siad seo foilsithe ar ár suíomh gréasáin.
Éisteachtaí agus Fianaise
Tabharfar faoin gcuid is mó d’obair an Choimisiúin go príobháideach, le comhoibriú a spreagadh agus le heolas pearsanta íogair a chosaint
Caithfear le finnéithe i gcomhréir le nósanna imeachta cothroma, lena n-áirítear iad a chur ar an eolas faoina gcearta.
Cad a Chuirfidh an Coimisiún ar Fáil
Ag deireadh a imscrúdúcháin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Tuarascáil mhionsonraithe a chur ar fáil agus a chur chuig an Aire Oideachais agus Óige, ina leagfar amach a chinntí agus ina gcuirfear san áireamh torthaí an Phróisis Rannpháirtíochta Marthanóirí. Cé go bhfoilsítear Tuarascálacha de Choimisiúin go hiondúil, is é cinneadh don Aire má fhoilsítear í.
- Cuntas bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil faoin gcaoi ar fhreagair institiúidí agus údaráis do dhrochúsáid ghnéasach stairiúil leanaí a bhain le scoileanna, agus d’fhéadfaí teipeanna a aithint chun leanaí a chosaint ó dhíobháil.
- Ceachtanna a aithint agus, más iomchuí, moltaí don todhchaí.
Feidhmíonn an Coimisiún go neamhspleách agus é ag tabhairt faoina chuid oibre. Tá sé faoi cheangal:
- Gníomhú go neamhchlaonta agus go hoibiachtúil
- Nósanna imeachta a leanúint do na daoine uile lena mbaineann
- Gan a chinntí a bhunú ach amháin ar an bhfianaise a bailíodh.
Cad é Nach nDéanfaidh an Coimisiún
Tá sé tábhachtach srianta ról an Choimisúin a thuiscint:
- Ní dhéanfaidh sé imscrúdú ná cinneadh faoi líomhaintí drochúsáide ar leith sa chaoi ina ndéanfadh cúirt.
- Ní dhéanfaidh sé cinneadh faoi chionntacht choiriúil ná dliteanas sibhialta.
- Níl aon ról aige maidir le sásamh ná cúiteamh.
- An ról atá aige ná scrúdú a dhéanamh ar chórais agus ar fhreagairtí, agus tuairisciú a dhéanamh faoi cad a tharla ar an iomlán.
