Tá an Coimisiún tiomanta lena chinntiú go bhfuil a chuid oibre dírithe ar mharthanóirí. Déanaimid é sin tríd an méid seo a leanas:
- Eolas soiléir, inrochtana a chur ar fáil chun tacú le roghanna eolacha. Cuimsíonn sé seo eolas faoin gcaoi inar féidir le daoine a bheith rannpháirteach sa Suirbhé, sa Chlár Rannpháirtíochta Marthanóirí agus san Imscrúdúchán. Míneoimid freisin an chaoi a láimhseálfar do chuid eolais.
- Saintacaíocht a chur ar fáil do mharthanóirí le bheith rannpháirteach ina phróisis:
- Clúdóidh sé seo tacaíocht fóin agus ríomhphoist chun ceisteanna a fhreagairt faoi ról agus sainchúram an Choimisiúin.
- Clúdóidh sé tacaíocht do dhaoin aonair le cinntí eolacha a dhéanamh faoi cé acu an ndéanfar teagmháil leis an gCoimisiún agus faoin gcaoi a ndéanfar teagmháil leis.
- Clúdóidh sé rochtain ar thacaíocht mhothúchánach agus phraiticiúil chomh maith le heolas agus faoi sheirbhísí eile agus atreoruithe chucu nuair is gá.
- Tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil riachtanais bhreise acu lena chinntiú go bhfuil an rannpháirtíocht inrochtana agus ionchuimsitheach nuair is féidir. San áireamh anseo d’fhéadfadh ateangaireacht Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, mar shampla, a bheith i gceist, agus rannpháirtíocht sholúbtha (ar líne, i bpearsa, nó rannpháirtíocht i scríbhinn) i measc tacaíochtaí eile.
- Céimeanna praiticúla a ghlacadh leis na rioscaí atrámaithe a mhaolú.
- Cur chuige trámathreoraithe a ghlacadh i ngach gné dá chuid oibre.
- Cumarsáid a dhéanamh go rialta le marthanóirí agus páirtithe leasmhara eile maidir leis an dul chun cinn ar ár gcuid oibre, tríd an suíomh gréasáin agus trí bhealaí iomchuí eile. Clúdaíonn sé seo eolas a chur ar fáil chun tacú le rannpháirtíocht ag gach céim.
Tuilleadh eolais faoin tSeirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta
