Ní féidir leis an gCoimisiún ach imscrúdú a dhéanamh ar na nithe atá luaite ina Théarmaí Tagartha, arna shocrú ag an Rialtas.
Faoina Théarmaí Tagartha, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Láimhseáil ábhar imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí a tharla idir 1927 agus 2013 sna scoileanna lae agus cónaithe uile, scoileanna speisialta san áireamh, a mheas.
- Teipeanna na scoileanna le freagairt ar ábhair imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí ar bhealach inar tugadh dóthain cosanta do leanaí, a aithint agus a imscrúdú, agus scrúdú a dhéanamh ar chúiseanna na dteipeanna sin.
- Scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáil An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (agus na comhlachtaí a bhí ann roimhe seo nó na comhlachtaí a thagann ina ndiaidh), agus an Roinn Oideachais, ábhair imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí a tuairiscíodh dóibh.
- Tuairisciú a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag drochúsáid ghnéasach ar mharthanóirí agus aon cheachtanna a d’fhéadfadh cuidiú le cosaint leanaí a neartú tuilleadh amach anseo a aithint.
Níl sé de chúram ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar chásanna ar leith de dhrochúsáid ghnéasach leanaí ná cinntí a dhéanamh faoi dhaoine ar leith a rinne na coireanna. An ról atá aige ná scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáladh ábhair imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí.
