Tá trí phríomhchuid i gceist le hobair an Choimisiúin. Is féidir leat níos mó a léamh faoi gach cuid, agus faoin gcaoi le dul i dteagmháil leis an gCoimisiún, ar an leathanach seo.
Reáchtálfaidh an Coimisiún suirbhé an Fómhar seo. Tabharfaimid cuireadh do dhaoine a bhfuil eolas ábhartha acu – go háirithe marthanóirí de dhrochúsáid ghnéasach leanaí i scoileanna, agus iad siúd a chonaic a leithéid de dhrochúsáid nó a raibh ábhair imní orthu faoina leithéid de dhrochúsáid – chun eolas tosaigh a chur ar fáil tríd an suirbhé. Reáchtálfaidh an Coimisiún Imscrúdúcháin suirbhé san Fhómhar in 2026.
Beidh an suirbhé ar fáil lena chomhlánú ar líne tríd an suíomh gréasáin seo. Beidh cóipeanna ar páipéar ar fáil freisin más fearr leat é sin. Léigh tuilleadh faoin tSeirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta.
Leis na freagraí ar an suirbhé, cuideofar le cinneadh a dhéanamh faoin bhfócas de na chéad chéimeanna eile d’obair imscrúdaitheach an Choimisiúin. Is cuid riachtanach den phróiseas seo é an suirbhé.
Cuirfear uasdátuithe ar fáil anseo faoin gcaoi ar féidir an suirbhé a chomhlánú agus cathain atá sé le comhlánú. Beidh feachtas meáin ann ina bhfógrófar an suirbhé go poiblí nuair atá sé réidh lena chomhlánú.
Tá an Coimisiún tiomanta lena chinntiú go bhfuil ár bpróisis inrochtana agus ionchuimsitheach. Beidh tacaíocht ar fáil do dhuine ar bith a bhfuil cuidiú de dhíth air/uirthi le páirt a ghlacadh sa suirbhé nó i gcéimeanna níos déanaí dár gcuid oibre. Cuirfear eolas faoin gcaoi le rochtain a dhéanamh ar thacaíocht rannpháirtíochta sula lainseálfar an suirbhé.
Tá a fhios ag an gCoimisiún go bhféadfadh sé a bheith an-deacair páirt a ghlacadh sa suirbhé agus táimid tiomanta do rannpháirtíocht trámathreoraithe leo siúd atá buailte lenár gcuid oibre.
Cé atá in ann an suirbhé a chomhlánú?
Sa suirbhé, ba mhaith leis an gCoimisiún cloisteáil ó na daoine seo a leanas:
- Daoine a ndearnadh drochúsáid ghnéasach orthu mar leanaí ar scoil, nó a bhí bainteach le scoil, idir 1927 agus 2013
- Baill teaghlaigh de dhuine ar bith a ndearnadh drochúsáid ghnéasach air/uirthi ar scoil, má tá an duine a ndearnadh drochúsáid air/uirthi marbh anois nó mura bhfuil sé/sí in ann páirt a ghlacadh go díreach
- Daoine eile a bhí ar an eolas faoi dhrochúsáid ghnéasach ar leanaí i scoileanna agus/nó daoine a rinne gearán faoi dhrochúsáid ghnéasach i scoil.
Tar éis an tsuirbhé, tabharfaidh an Coimisiún cuireadh do mharthanóirí, agus, i roinnt cásanna baill teaghlaigh, le páirt a ghlacadh inár gClár Rannpháirtíochta Marthanóirí. Cuirfidh an clár deonach seo spás sábháilte ina bhfuil tacaíocht ar fáil, ar fáil do dhaoine chun cuntas a n-eispéiris agus an tionchar ar a saol a roinnt tuilleadh.
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin Suirbhé, faoin gClár Rannpháirtíochta Marthanóirí agus faoi Imscrúdúchán an Choimisiúin anois. Léigh tuilleadh faoin suirbhé.
Tabharfaidh an Coimisiún faoi imscrúdúchán chun scrúdú a dhéanamh go mion ar an gcaoi ar láimhseáil scoileanna drochúsáid ghnéasach, agus chun a fháil amach na háiteanna inar teipeadh leanaí a chosaint. Is gá don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh freisin ar láimhseáil na n-ábhar imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí a tuairiscíodh chuig An nGarda Síochána, chuig an Roinn Oideachais agus chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Faoina Théarmaí Tagartha, is gá don Choimisiún cur chuige samplála a ghlacadh don imscrúdúchán. Ciallaíonn sé seo go roghnóidh an Coimisiún cásanna samplacha le himscrúdú a dhéanamh orthu bunaithe ar chúinsí éagsúla. San áireamh sna cúinsí seo tá dóthain fianaise ó fhinnéithe agus doiciméadai a bheith ar fáil.
Ciallaíonn sé seo nach ndéanfar imscrúdú ar gach cás, ach leis an eolas uile a bhailítear tríd an suirbhé cuideofar leis an gCoimisiún an fócas imscrúdúcháin a aithint. Is féidir leat a léamh.
Tá imscrúdúchán an Choimisiúin ag díriú ar cad a rinne iad siúd freagrach as scoileanna, agus ar ghníomhaireachtaí áirithe eile, ar nós An Garda Síochána nó FSS.
I roinnt cásanna, b’fhéidir go lorgóidh an Coimisiún ráitis, nó tuilleadh rannpháirtíochta ó mharthanóirí nó ó dhaoine eile. Chun srian a chur leis an riosca atrámaithe, ní tharlóidh sé seo ach amháin i gcúinsí teoranta agus le cead amháin ón marthanóir.
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin Imscrúdúchán.
Is clár deonach é seo ina dtabharfar spás sábháilte ina bhfuil tacaíocht ar fáil do mharthanóirí de dhrochúsáid ghnéasach chun cuntas a n-eispéireas agus an tionchar ar a saol a roinnt tuilleadh. Beidh an próiseas anseo neamhfhoirmiúil, faoi rún agus anaithnid chun cosaint a thabhairt do phríobháideachas gach duine. I gcásanna áirithe, is féidir le ball teaghlaigh cuntas a thabhairt thar ceann duine a d’fhulaing a leithéid de dhrochúsáid.
Tuairisceoidh an Clár Rannpháirtíochta Marthanóirí chuig Cathaoirleach an Choimisiúin maidir le tionchar na drochúsáide gnéasaí leanaí i scoileanna agus maidir le haon cheachtanna is féidir a fhoghlaim chun bearta cosanta leanaí amach anseo a neartú tuilleadh. Ní aithneofar rannpháirtithe ar leith sa tuarascáil seo.
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin gClár Rannpháirtíochta Marthanóirí.

Do Phríobháideachas a Chosaint
Aithnímid, ina lán cásanna, gur eolas an-phearsanta a bheidh san eolas a roinntear leis an gCoimisiún. Tá sé ríthábhachtach go dtuigeann tú an chaoi a láimhseálfar do chuid eolais, ionas gur féidir leat cinneadh eolach a dhéanamh faoi an nglacfar páirt ann.
Tá beartas um chosaint sonraí á fhorbairt ag an gCoimisiún lena chinntiú go láimhseáiltear eolas pearsanta uile go cúramach agus i gcomhréir leis na caighdeáin slándála agus rúndachta is aire. Sa bheartas seo cuirfear eolas soiléir ar fáil faoin gcaoi a ndéantar do shonraí a bhainistiú, chun tacú le rannpháirtíocht eolach ina hiomláine.
Léigh an Fógra um Príobháideacht Sonraí ina iomláine.



