Cathaoirleach
Ceapadh an Breitheamh Uasal MacGrath mar bhreitheamh den Ard-Chúirt i mí Eanáir 2018, áit a raibh sé i gceannas cásanna sibhialta. Bhí sé i gceannas trialacha coiriúla freisin sa Chúirt Choiriúil Speisialta agus sa Phríomh-Chúirt Choiriúil idir 2020 agus 2024. Ceapadh é ar an gCúirt Achomhairc i mí an Mheithimh 2024. Roimh a cheapacháin bhreithniúnacha, bhí sé ag cleachtadh mar abhcóide agus ceapadh mar Abhcóide Sinsearach in 2000. Ceapadh é mar chathaoirleach ar an gCoimisiún Imscrúdúcháin maidir le Láimhseáil Drochúsáide Gnéasaí Stairiúla Leanaí in 2025.
Coimimsinéirí
An Breitheamh Mary Ellen Ring Uasal, a ceapadh mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda in 2012, áit a raibh sí i gceannas ar chúirteanna coiriúla amháin, agus ceapadh í mar bhreitheamh ar an Ard-Chúirt in 2015 áit ar thug sí seirbhís ar feadh níos mó ná deich mbliana. Mar iar-Chathaoirleach de Choimisiún Ombudsman An Gharda Síochána ó 2015 go 2021, bhí sí ag cleachtadh roimhe sin mar abhcóide ag déanamh speisialtóireachta i ndlí coiriúil agus poiblí, dlíthíocht bhunreachtúil agus dlí leanaí. Tá sí mar chomhbhunaitheoir freisin d’Ionad Dlí na Leanaí agus den Chumann um Thaighde agus Fhorbairt Ceartais Choiriúil.
Is dlíodóir é Roddy Bourke a bhfuil taithí aige a bhí mar chomhpháirtí in McCann FitzGerald LLP ó 1992 go 2024 áit a ndearna sé speisialtóireacht i ndlíthíocht chasta agus imscrúdúcháin. Tá go leor taithí aige ag gníomhú i mbinsí agus i gcoimisiúin imscrúdúcháin agus is iarbhall agus iar-Chathaoirleach é de Choistí Dlíthíochta, Réitigh Mhalartaigh Díospóide agus Athchóirithe Dlí an Dlí-Chumainn.
Is comhairleoir cumhdaigh neamhspleách é Kieran McGrath a bhfuil fiche bliain taithí aige ag cur comhairle ar chomhlachtaí Rialtais agus Neamhrialtais maidir le cúrsaí cosanta agus leasa leanaí. Ina ghairm bheatha mar oibrí sóisialta, rinne sé speisialtóireacht i ndrochúsáid ghnéasach a chosc, i measúnú rioscaí agus i maoirseacht chliniciúil. Bhí sé i gceannas ar an bpróiseas rannpháirtíochta marthanóirí trámatheoraithe don Fhiosrúchán Scóipe faoi Dhrochúsáid Ghnéasach Stairiúil i Scoileanna Lae agus Cónaithe arna reáchtáil ag Oird Rialta.
Is Ollamh Taca í Michele Clarke i Scoil na hOibre Sóisialta agus an Bheartais Shóisialta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. San áireamh sna róil a bhí aici roimhe seo bhí sí mar Phríomhoibrí Sóisialta sa Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus mar Phríomhchigire de Chigireacht na Seirbhísí Sóisialta. Bhí sí mar an comhairleoir rannpháirtíochta marthanóirí trámatheoraithe don Fhiosrúchán Scóipe faoi Dhrochúsáid Ghnéasach Stairiúil i Scoileanna Lae agus Cónaithe arna reáchtáil ag Oird Rialta.
Tacaíocht Bhreise
Faigheann na Coimisinéirí tacaíocht ó fhoireann de ghairmithe dlí agus riaracháin a bhfuil taithí acu agus ina gclúdaítear raon disciplíní lena gcúlraí i riarachán poiblí agus san earnáil phríobháideach.
Le chéile, cuireann siad tacaíocht dlí, imscrúdaitheach, beartais agus oibríochtúil lena gcuirtear taca faoi obair an Choimisiúin mar atá leagtha amach ina Théarmaí Tagartha. Tá an Coimisiún tiomanta do chur chuige trámathreoraithe i dtreo a chuid oibre, agus tá
