
Maidir Leis an gCoimisiún
Is comhlacht neamhspleách é Coimisiún Imscrúdúcháin arna bhunú ag Rialtas na hÉireann chun mionscrúdú a dhéanamh ar shaincheist atá mar ábhar imní suntasach don phobal. Tá sé bunaithe faoin Acht um Choimisiúin Imscrúdúcháin 2004.
Ag deireadh a chuid oibre, seolann an Coimisiún tuarascáil chuig an Aire Rialtais ábhartha. Sa tuarascáil seo, leagtar amach go hiondúil an méid seo a leanas:
- Na fíricí atá deimhnithe aige
- A chinntí
- Aon mholtaí le haghaidh gníomhaíochta nó leasaithe amach anseo
Bunaíodh an Coimisiún Imscrúdúcháin chun scrúdú a dhéanamh ar láimhseáil na n-ábhar imní faoi dhrochúsáid ghnéasach stairiúil leanaí i scoileanna in Éirinn. Scrúdóidh sé an drochúsáid a tharla idir 1927 agus 2013.
Is é atá i gceist lena chuid oibre ná scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar fhreagair scoileanna, agus iad siúd freagrach as scoileanna, d’ábhair imní nó líomhaintí faoi dhrochúsáid ghnéasach. Scrúdóidh sé freisin an chaoi ar láimhseáil na comhlachtaí Stáit ábhartha tuairiscí faoi dhrochúsáid ghnéasach. Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar an gcaoi ar teipeadh leanaí a chosaint agus fiosróidh sé na cúiseanna leis na teipeanna sin. Reáchtálfaidh an Coimisiún Clár Rannpháirtíochta Marthanóirí freisin.
I dTéarmaí Tagartha an Choimisiúin, leagtar amach cad é a ndéanfaidh sé imscrúdú air agus an chaoi a dtabharfaidh sé faoina chuid oibre.
Príomh-mholadh Fiosrúcháin Scóipe faoi Dhrochúsáid Ghnéasach Stairiúil i Scoileanna Lae agus Cónaithe Arna Reáchtáil ag Oird Rialta ba ea an Coimisiún Imscrúdúcháin.
Bhunaighh an tAire Oideachais agus Óige an Fiosrúchán Scóipe mar fhreagairt ar nochtadh líomhaintí de dhrochúsáid ghnéasach stairiúil i scoileanna arna reáchtáil ag oird rialta, tar éis chraoladh Chlár Faisnéise ar a hAon (Documentary on One) de chuid RTÉ, Blackrock Boys.
Ní dhéileálfaidh. Níl aon ról ag an gCoimisiún le sásamh nó cúiteamh a chur ar fáil. Tá an tsaincheist maidir le sásamh á scrúdú ag an Rialtas, ach is obair iomlán ar leith í ar obair an Choimisiúin. Más mian leat imscrúdú a dhéanamh faoin dlí reatha cé acu an mbeifeá i dteideal cúiteamh a fháil trí na cúirteanna, ba chóir duit dul i gcomhairle le dlíodóir.
Scrúdóidh an Coimisiún an chaoi ar láimhseáil scoileanna agus iad siúd freagrach as scoileanna ábhair imní nó líomhaintí faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí bainteach le scoileanna. Baineann sé le drochúsáid a tharla idir 1927 agus 2013. D’fhéadfadh sé gur ardaíodh gearáin nó líomhaintí tar éis na tréimhse ama sin, nó d’fhéadfadh sé nár tuairiscíodh iad riamh.
Scrúdóidh sé:
- An chaoi ar fhreagair scoileanna d’ábhair imní nó do líomhaintí faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí.
- Cé acu ar theip ar scoileanna gníomhú ar bhealaí inar chosain siad leanaí.
- An chaoi ar fhreagair An Garda Síochána, An Roinn Oideachais agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (lena n-áirítear na hiar-Bhoird Sláinte; Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach; agus comhlachtaí ábhartha) d’ábhair imní a tuairiscíodh dóibh.
Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh na Téarmaí Tagartha .
Níl sé de chúram ar an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh cé acu ar tharla drochúsáid in aon chás ar leith. Is é a bhfuil sé ag díriú air ná imscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáladh gearáin agus ábhair imní.
Ní dhéileálfaidh. Tá obair an Choimisiúin leagtha amach ina Théarmaí Tagartha. Ní féidir leis an gCoimisiún cur leis an obair seo ná í a athrú. Iarradh air scrúdú a dhéanamh ar láimhseáil na n-ábhar imní nó na líomhaintí faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí i scoileanna.
B’fhéidir gur fhulaing roinnt daoine drochúsáid fhisiciúil in éineacht le drochúsáid ghnéasach, agus d’fhéadfaí é seo a bheith léirithe sna cuntais a roinneann siad.
Níl an Coimisiún ag iarraidh baint de thionchar na drochúsáide fisiciúla nó na drochúsáide eile. Ach, is é an t-aon sainchúram atá ar an gCoimisiún ná imscrúdú a dhéanamh ar dhrochúsáid ghnéasach.
Tá. Tá drochúsáid a rinne piara nó piaraí san áireamh, má tharla sí i scoil nó má bhain sí le scoil idir 1927 agus 2013.
Cuirfidh. I dTéarmaí Tagartha an Choimisiúin ceadaítear cinntí ó fhiosrúcháin agus ó Choimisiúin roimhe seo a chur san áireamh. Is foinse thábhachtach iad na tuarascálacha seo don Choimisiún. Cuirtear eolas ar fáil iontu atá in ann tacú lena chuid oibre, lena n-áirítear Tuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe maidir le Drochúsáid Ghnéasach Stairiúil i Scoileanna Lae agus Cónaithe Arna Reáchtáil ag Oird Rialta.
Iarradh ar an gCoimisiún tuarascáil faoina chinntí a chur isteach chuig an Aire Oideachais agus Óige laistigh de chúig bliana ó thosaigh sé a chuid oibre.
Léiríonn an tréimhse ama seo scála agus castacht an imscrúdúcháin. Tá sé mar aidhm an Choimisiúin dul chun cinn a dhéanamh ar a chuid oibre chomh héifeachtach agus is féidir.
Ní dhéanfaidh. Faoina Théarmaí Tagartha, is gá don Choimisiún cur chuige samplála a úsáid don imscrúdúchán. Ciallaíonn sé seo go roghnóidh an Coimisiún cásanna samplacha chun mionscrúdú a dhéanamh orthu bunaithe ar thosca éagsúla, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- Faisnéis atá faighte tríd an suirbhé
- Dóthain fianaise ó fhinnéithe a bheith ar fáil
- Taifid dhoiciméadacha ábhartha a bheith ar fáil
Páirt a Ghlacadh
An suirbhé a chomhlánú is ea an chéad chéim do gach duine atá ag iarraidh dul i dteagmháil leis an gCoimisiún.
D’fhéadfadh na marthanóirí uile a chomhlánaíonn an suirbhé roghnú freisin le páirt a ghlacadh sa Chlár Rannpháirtíochta Marthanóirí níos déanaí. Cuireann sé seo deis ar fáil le heispéiris phearsanta a roinnt i suíomh ina bhfuil tacaíocht ar fáil.
B’fhéidir go n-iarrfaí ar roinnt daoine tuilleadh páirte a ghlacadh mar chuid d’Imscrúdúchán an Choimisiúin, má chuir siad in iúl go bhfuil siad toilteanach a leithéid a dhéanamh.
Ní bheidh. Bainfidh an Coimisiún úsáid as an bhfaisnéis a bhailítear tríd an suirbhé chun cinneadh a dhéanamh faoin áit ar féidir imscrúdúchán níos mine a reáchtáil.
Leis an mbaol atrámaithe a mhaolú, ní thabharfaidh an Coimisiún cuireadh ach amháin do mharthanóirí le páirt a ghlacadh san imscrúdúchán áit a meastar go bhfuil sé go hiomlán riachtanach agus áit ar chuir siad in iúl sa suirbhé go bhfuil siad toilteanach go ndéanfaí teagmháil leo chun na críche sin.
Níl ceangal idir páirt a ghlacadh sa Chlár Rannpháirtíochta Marthanóirí agus rannpháirtíocht in imscrúdúchán.
Is céim ar leith d’obair an Choimisiúin iad na himscrúdúcháin. D’fhéadfadh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do roinnt daoine áit a bhfuil gá le tuilleadh mionscrúdaithe a dhéanamh. Is ar chuireadh amháin atá an rannpháirtíocht agus is féidir leat rogha a dhéanamh i gcónaí páirt nó gan páirt a ghlacadh ann.
Tá scrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar na scoileanna lae agus cónaithe, scoileanna speisialta san áireamh, a bhí ag feidhmiú idir 1927 agus 2013.
Má d’fhulaing tú drochúsáid ghnéasach bainteach le scoil idir 1927 agus 2013, tá sé seo laistigh de shainchúram an Choimisiúin.
Cuimsíonn sé seo raon leathan scoileanna, ní hamháin iad siúd arna reáchtáil ag oird rialta.
Is é is brí le scoileanna bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar nós bunscoileanna nó scoileanna náisiúnta, meánscoileanna, scoileanna pobail agus scoileanna cuimsitheacha.
Níl. Níl scoileanna saothair agus ceartúcháin go hiondúil san áireamh. Déanann an Coimisiún imscrúdú ar scoileanna mar atá sainmhínithe in Alt 2(1) den Acht Oideachais 1998. Sa sainmhíniú seo, níl scoileanna saothair ná scoileanna ceartúcháin san áireamh, a bunaíodh faoi reachtaíocht dhifriúil. Scrúdaigh an Coimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú drochúsáid i scoileanna saothair agus ceartúcháin, agus foilsíodh a thuarascáil in 2009.
Is féidir leat páirt a ghlacadh go fóill. Ní mór gur tharla an drochúsáid idir 1927 agus 2013, ach d’fhéadfadh sé gur tuairiscíodh í am ar bith, nó nár tuairiscíodh í ar chor ar bith.
Trí pháirt a ghlacadh, is féidir leat d’eispéireas a roinnt agus cur le tuiscint na sochaí faoin gcaoi ar láimhseáladh drochúsáid ghnéasach scoilbhunaithe in Éirinn. Cuideoidh do rannpháirtíocht leis an gCoimisiún tuairisciú a dhéanamh ar thionchar na drochúsáide gnéasaí leanaí i scoileanna chomh maith le cad is féidir a fhoghlaim don todhchaí. Aithnímid go bhféadfadh sé a bheith deacair páirt a ghlacadh, agus níl aon dualgas a bheith rannpháirteach.
Tá an Coimisiún ag díriú ar dhrochúsáid ghnéasach a bhaineann le scoileanna.
Má bhain d’eispéireas le suíomh scoile ar dhóigh ar bith, baineann sé le hábhar go fóill. Mar shampla, b’fhéidir gur tharla sé ar thuras scoile, nó b’fhéidir gur tharla sé lasmuigh de thailte na scoile ach gurbh é duine a raibh caidreamh agat leis/léi tríd an scoil, a rinne é.
Baineann. Tá scrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar dhrochúsáid stairiúil ó 1927 go 2013. Cibé áit a bhfuil tú inniu, tá tábhacht le d’eispéireas. Ní chuireann an t-am atá caite isteach ar thábhacht d’eispéiris.
Is féidir leat fós páirt a ghlacadh. Is próiseas nua reachtúil é seo. Ach, má tá tú i mbun imeachtaí sibhialta nó coiriúla, nó má tá tú ag smaoineamh ar dhul ina mbun, molaimid duit comhairle dlí neamhspleách a fháil sula dtéann tú i dteagmháil leis an gCoimisiún. Nílimid in ann comhairle dlí a chur ar fáil maidir le cásanna ar leith.
Is féidir leat fós páirt a ghlacadh. Tá scrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an gcaoi ar láimhseáil scoileanna, agus comhlachtaí Stáit freagrach as scoileanna agus bainteach le scoileanna, ábhair imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí.
Ní dhéanann an Coimisiún cinntí faoi chiontacht choiriúil ná faoi fhreagracht shibhialta, agus ní leagann sé pionóis ar dhaoine ar leith a rinne na coireanna.
An ról atá aige ná chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáladh líomhaintí. Níl imscrúdú á dhéanamh aige ar dhaoine ar leith a rinne na coireanna.
An Suirbhé
Leis an suirbhé cuideofar leis an gCoimisiún líon na marthanóirí a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint chun tuiscint a fháil ar scála agus nádúr na n-ábhar imní faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí i scoileanna.
Cuirfidh sé leis an gcéad chéim eile den phróiseas trína chur in iúl áit ar dócha go bhfuil dóthain fianaise ar fáil le haghaidh imscrúdúcháin mionsonraithe.
Leis na freagraí ó na suirbhéanna, cuideoidh sé seo freisin leis an gCoimisiún tuiscint a fháil ar cé mhéad duine atá ag iarraidh gníomhú níos mó tríd an gClár Rannpháirtíochta Marthanóirí, nó atá toilteanach go ndéanfaí teagmháil leo más gá le haghaidh Imscrúdúcháin. Cuirfidh siad eolas ar fáil freisin maidir leis na riachtanais nó roghanna ar leith faoin gcaoi a dtarlóidh an rannpháirtíocht sin.
Aithnímid go bhféadfadh sé a bheith deacair do roinnt daoine an suirbhé a chomhlánú. Dearadh é chun an baol atrámaithe a mhaolú tríd an méid seo a leanas:
- Ceisteanna ginearálta a chur seachas mionchur síos nó dátaí beachta a lorg.
- Ligean duit sos a ghlacadh, an dul chun cinn atá déanta agat a shábháil, agus flleadh air níos déanaí.
- Ligean duit léim thar cheisteanna nach bhfuil riachtanach
- Ceist a chur ort faoi do roghanna maidir le teagmháil nó tuilleadh rannpháirtíochta ina dhiaidh sin.
Sa chuid faoi Sheirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta tá tuilleadh eolais ar fáil.
Cuideoidh an fhaisnéis a bhailítear tríd an suirbhé leis an gCoimisiún le cinneadh a dhéanamh faoi fhócas a Imscrúdúcháin. Cuideoidh sé leis an gCoimisiún tuiscint a fháil ar scála agus nádúr na drochúsáide gnéasaí i scoileanna agus pleanáil a dhéanamh le haghaidh ár dteagmhála breise leo siúd ar mian leo páirt a ghlacadh sa chéad chéim eile dár gcuid oibre.
Lainseálfar an suirbhé san Fhómhar in 2026. Fógrófar é ar an suíomh gréasáin agus trí na meáin. Fanfaidh an suirbhé oscailte ar feadh roinnt seachtainí.
Tá an suirbhé ann do gach duine a d’fhulaing drochúsáid ghnéasach leanaí a bhain le scoil, chomh maith leo siúd a d’fhéadfadh a bheith mar fhinné de dhrochúsáid, a raibh eolas díreach acu, a d’ardaigh ábhair imní fúithi nó a thuairiscigh í. Is féidir le ball teaghlaigh é a chomhlánú freisin má tá an duine a d’fhulaing drochúsáid tar éis bás a fháil,, nó mura féidir tacú leis/léi an suirbhé a chomhlánú é/í féin.
Sa suirbhé, tá eolas tosaigh á lorg faoin gcaoi ar láimhseáladh ábhair imní nó líomhaintí faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí i scoileanna in Éirinn. Níl baint aige ach amháin le drochúsáid a tharla idir 1927 agus 2013. D’fhéadfadh sé gur ardaíodh tuairiscí nó líomhaintí am ar bith, nó nár ardaíodh iad ar chor ar bith.
Tá tacaíochtaí curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun cuidiú le daoine an suirbhé a chomhlánú iad féin más mian leo, lena n-áirítear tacaíocht mhothúchánach, agus cuidiú praiticiúil do dhaoine faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Sa chuid faoi Sheirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta tá tuilleadh eolais ar fáil.
Is féidir le ball teaghlaigh an suirbhé a chomhlánú i gcásanna ina bhfuair an duine a d’fhulaing drochúsáid, bás, nó nach féidir tacú leis/léi lena chomhlánú é/í féin.
Ní gá. Is é do rogha féin páirt a ghlacadh. Má tá cabhair ag teastáil uait leis an gcinneadh seo a dhéanamh is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis tSeirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta.
Is féidir leat stopadh am ar bith gan aon chúis a thabhairt.
Tá an suirbhé deartha chun ligean duit d’eolas a roinnt ar bhealach a bhraitheann soláimhsithe, agus is féidir leat é a chomhlánú ar do luas féin. Tá roinnt ceisteanna riachtanach chun cuidiú leis an gCoimisiún an fhaisnéis a fhaigheann sí a thuiscint, agus is cinn roghnacha iad ceisteanna eile. Ní iarrfar ort mionfhaisnéis a chur ar fáil faoi nádúr na drochúsáide sa suirbhé.
Beidh tú in ann athbhreithniú a dhéanamh ar shraith iomlán cheisteanna an tsuirbhé freisin roimh ré chun cinneadh a dhéanamh faoi cé acu ar mhaith leat páirt a ghlacadh.
Is féidir leat é sin a iarraidh tríd an tSeirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta.
Ní chaithfidh. Cé go bhféadfadh cuid mhór daoine rogha a dhéanamh leis an suirbhé a chomhlánú ar líne, ní hé seo an t-aon rogha. Más fearr leat formáid eile, tá roghanna eile ar fáil – lena n-áirítear leagan ar páipéar nó tacaíocht chun é a chomhlánú ar an bhfón. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta chun rogha nó formáid eile a iarraidh.
Is féidir. Is féidir leat tacaíocht a fháil chun an suirbhé a chomhlánú más mian leat. D’fhéadfadh sé seo a bheith ó dhuine iontaofa nó trí Sheirbhís Tacaíochta Rannpháirtíochta an Choimisiúin.
Iarrfar ort d’ainm a thabhairt, ach coinneofar é faoi rún agus ní bheidh sé le feiceáil in aon tuarasálacha.
Is faisnéis anaithnid a bheidh san fhaisnéis a fhoilsítear.
Díreach baill foirne údaraithe an Choimisiúin amháin. Déileálfar leis go rúnda agus i gcomhréir leis an dlí um chosaint sonraí. Inár bhFógra um Príobháideacht Sonraí, mínítear conas a bhailímid, a úsáidimid agus a chosnaímid faisnéis phearsanta le linn ár gcuid oibre. Áit a bhfaigheann an Coimisiún faisnéis phearsanta ina n-ardaítear ábhar imní um chosaint leanaí, nó ina bhfuil oibleagáidí tuairiscithe i gceist a bheadh ag an gCoimisiún, b’fhéidir go mbeidh air an fhaisnéis sin a roinnt le Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach) nó leis An nGarda Síochána.
Sa suirbhé cuirtear rogha ar fáil duit chun an duine a rinne drochúsáid ort a ainmniú. Is féidir leat rogha a dhéanamh cé acu an cheist seo a fhreagairt nó gan í a fhreagairt.
Áit a bhfaigheann an Coimisiún faisnéis phearsanta ina n-ardaítear ábhar imní um chosaint leanaí, nó ina bhfuil oibleagáidí tuairiscithe i gceist a bheadh ag an gCoimisiún, b’fhéidir go mbeidh air an fhaisnéis sin a roinnt le Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach) nó leis An nGarda Síochána.
Má rinne tú comhaontú rúndachta, comhaontú socraíochta, nó aon socruithe eile roimhe seo, ina gcuirtear srian le faisnéis a nochtadh, ba chóir duit comhairle dlí neamhspleách a fháil sula roinneann tú faisnéis leis an gCoimisiún.
Moltar duit comhairle dlí a lorg má tá baint agat le himeachtaí dlíthiúla atá ag leanúint ar aghaidh.
Má rinne tú comhaontú rúndachta, comhaontú socraíochta, nó aon socruithe eile roimhe seo, ina gcuirtear srian le faisnéis a nochtadh, ba chóir duit comhairle dlí neamhspleách a fháil sula roinneann tú faisnéis leis an gCoimisiún. Is féidir le comhairleoir dlí cuidiú leat tuiscint a fháil ar do chearta agus ar aon oibleagáidí a bheadh i bhfeidhm ar do chúinsí ar leith.
Ní ainmneofar tú ná ní dhéanfar tú a aithint go poiblí má ghlacann tú páirt sa suirbhé.
Déanfar do fhreagraí a stóráil agus láimhseálfar iad ina mbeidh cosaint iomchuí le srian a chur le haitheantas, agus cuirfear aon fhaisnéis ón suirbhé a fhoilsítear i láthair i bhfoirm nach ndéanann rannpháirtithe a aithint.
Ní chuirfear aon fhaisnéis inaitheanta ón gClár Rannpháirtíochta Marthanóirí ar fáil don phobal.
